Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 26 June 2024

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Pleanáil Teanga Laistigh agus Lasmuigh den Ghaeltacht: Plé

1:30 pm

Mr. Seán Ó Coinn:

I dtaca linne, is dóigh go bhfuil freagra iontach dearfach tagtha ar ais ó na húdaráis áitiúla, cuir i gcás, a bhímid ag plé leo. Is é an dúshlán is mó do na húdaráis áitiúla ná nach bhfuil acmhainní breise acu le bheith ag tacú leis an bpróiseas pleanála teanga. Mar atá a fhios againn, tá cuid mhór iarratas breise déanta thar réimse leathan ar na húdaráis áitiúla san am atá i láthair le dúshláin éagsúla ina gceantair. Nuair a mholamar go mbunófaí fóram do na príomhoifigigh feidhmiúcháin a bhfuil plean teanga ina gceantair, chuir siad fáilte roimh an moladh. Tá siad i ndiaidh téarmaí tagartha a aontú linn ionas go mbeidh siad ábalta dea-chleachtas a chomhroinnt le chéile agus cúrsaí pleanála teanga a phlé le chéile. Tá sé sin an-dearfach. Ar ndóigh, ní bhímid ag plé leis na húdaráis áitiúla ó thaobh na Gaeltachta de mar is é an t-údarás a bhíonn á dhéanamh sin i dtaca le tithíocht, gnó agus mar sin.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.