Oireachtas Joint and Select Committees
Wednesday, 26 June 2024
Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community
Pleanáil Teanga Laistigh agus Lasmuigh den Ghaeltacht: Plé
1:30 pm
Aengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein) | Oireachtas source
An fáth go raibh mé ag cur ceiste faoi mhaoiniú ná go bhfuilimid sa tréimhse sin, áit a bhíonn na hAirí ag teacht os ár gcomhair faoi bhuiséad nó a leithéid agus táimid breá sásta, mar choiste, an cheist a ardú arís leo ó thaobh breis mhaoinithe i dtaca le pleanáil teanga. Is féidir a dhéanamh cinnte de sin mar go bhfuil an dá eagras os ár gcomhair inniu agus de bharr go bhfuil an t-athbhreithniú ann, go dtuigeann siad nach féidir stop a chur leis an maoiniú toisc go bhfuil athbhreithniú á dhéanamh. Tá gá le hairgead breise ní hamháin chun a dhéanamh cinnte de maidir le líonraí ach freisin maidir le haon chur chuige a bhfuil gá cur leis sin, inár dtuairim. Nuair a bhuail muid leis na heagrais agus leo siúd a bhí i mbun gach uile ghníomh pleanála teanga timpeall na tíre, is é sin a bhí siad á rá linn. Tá sé go hiontach go bhfuil an t-airgead ann. Maidir le han-chuid díobh, bhí siad gafa le cur chun cinn na Gaeilge ar phinginí nó fiú amháin gan phinginí. Dúirt siad go mbeadh sé go maith ach go bhfuil an oiread sin eile a bhféadfaidís a dhéanamh dá mbeadh an maoiniú ceart acu is dá mbeadh foirne agus níos mó acu, agus go mbeidís i riocht níos fearr dá réir.
Nuair a chuirtear iarratas isteach, dúirt Breandán Mac Craith go dtugtar dhá bhliain dóibh nó airgead dóibh chun plean a chur le chéile. An dtosaítear é sin ar leibhéil dhifriúla nó an bhfuil céim suas, nó an dtosaítear ag leibhéal 1 agus go mbogann siad ar aghaidh mar sin go leibhéal eile? Sa deireadh, an mbeadh sé i gceist amach anseo go mbeadh na heagrais agus na ceantair seo in ann obair as a stuaim féin seachas a bheith ag brath ar mhaoiniú a fháil? An bhféadfaidís ansin in ann bogadh ar aghaidh agus an maoiniú a bhí an foras ag tabhairt, abair, do líonra amháin a thabhairt do líonra eile a bheadh ag teacht amach anseo? An é go mbeadh siad spleách ar an bhforas nó, i gcás an údaráis, go mbeadh na grúpaí pleanála teanga i gcónaí spleách ar an gcóras, nó, amach anseo, go mbeimid in ann díriú ar an leibhéal eile agus ar an gcéad dream atá ag teacht inár ndiaidh níos moille?
No comments