Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 26 June 2024

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Pleanáil Teanga Laistigh agus Lasmuigh den Ghaeltacht: Plé

1:30 pm

Mr. Seán Ó Coinn:

Ní dóigh liom go bhfeicimid gur mar sin atá sé, toisc, mar a luaigh mé, is tionscadal fadtéarmach é an tionscadal forbartha teanga i gceantar ar bith. Ní hé go mbíonn sé curtha i gcrích i ndiaidh seacht mbliana, 14 bliain, 21 bliain, nó 28 bliain. Is dóigh liom gurb é seo infheistíocht sna ceantair seo. Má tá an próiseas le leanúint, tá sé riachtanach go leanfaidh an infheistíocht sin go ceann i bhfad agus, i ndáiríre, go n-aithneofaí an infheistíocht sin mar infheistíocht bhuan i bhforbairt na Gaeilge sna bailte agus sna ceantair sin.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.