Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 26 June 2024

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Pleanáil Teanga Laistigh agus Lasmuigh den Ghaeltacht: Plé

1:30 pm

Mr. Breandán Mac Craith:

Is suim nach beag í. Cuirtear an maoiniú sin ar fáil d’Fhoras na Gaeilge agus do na líonraí ó Dheas tríd an allúntas pleanála teanga, taobh amuigh de bhonnmhaoiniú an fhorais. Go dtí seo, tá Roinn na Gaeltachta breá sásta an maoiniú seo a chur ar fáil d’aon dream a bhí cáilithe. Is í an deacracht atá againne ná is foras trasTeorainn muid, foras uile-oileáin. Bhíomar ag smaoineamh ar an nglaoch eile a dhéanamh ar líonraí agus bheimis ag iarraidh é sin a dhéanamh ar bhonn uile-oileáin. Ní fheictear dúinn cá bhfuil an foinse mhaoinithe do tuilleadh líonraí i ndlínse an Fheidhmeannais faoi láthair, rud atá ag cur bac orainn, cineáilín, an glaoch a dhéanamh ag an nóiméad seo.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.