Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 26 June 2024

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Pleanáil Teanga Laistigh agus Lasmuigh den Ghaeltacht: Plé

1:30 pm

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein) | Oireachtas source

Má fhanann an infheistíocht ó thaobh an Rialtais Thuaidh agus Theas ag an leibhéal céanna, ní fhéadfaí cur leis na líonraí nó leis na bailte seirbhíse Gaeltachta, mar luaigh Seán Ó Coinn tamall ó shin, má tá an t-éileamh ann. Measaim go raibh éileamh níos mó ann do líonraí ná mar atá ann faoi láthair. Glacaim go dtiocfaidh an dream nach bhfuair an t-aitheantas ar ais. Tá súil agam go dtiocfaidh níos mó dóibh ar ais. Tá gá le breis mhaoinithe chun a dhéanamh cinnte de go mbeidh siad sin ag fáil an maoiniú ceart don tréimhse seacht mbliana agus an seacht mbliana ina dhiaidh sin, agus mar sin de.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.