Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 26 June 2024

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Pleanáil Teanga Laistigh agus Lasmuigh den Ghaeltacht: Plé

1:30 pm

Mr. Seán Ó Coinn:

Go díreach é, a Chathaoirligh. Is é an dúshlán is mó dúinne i ndlínse Fheidhmeannas Thuaisceart Éireann ná nach bhfuil foinse mhaoinithe againne do na líonraí Gaeilge ansin seachas mar atá ar bhonn imfhálaithe. Tá airgead ar fáil ó Roinn na Gaeltachta i dtaca leis sin go ceann bliana agus is é sin an t-ualach iomlán maoinithe ar bhuiséad bunlíne Fhoras na Gaeilge. Dá réir sin, beidh sé dúshlánach go leor againn an t-ualach sin a iompar gan trácht ar chur le líon na líonraí ó Thuaidh. Tá an ceart ag an gCathaoirleach go bhfuil go leor ceantar a bheadh incháilithe, más féidir liom é a chur sa dóigh sin, le bheith ainmnithe ina líonra Gaeilge ó Thuaidh agus, ar ndóigh, ó Dheas.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.