Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 26 June 2024

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Pleanáil Teanga Laistigh agus Lasmuigh den Ghaeltacht: Plé

1:30 pm

Mr. Seán Ó Coinn:

Tá súil agam go mbeidh mar is faoi Roinn na Gaeltachta atá sé an t-athbhreithniú sin a chur ar bun ach beidh muid ag súil go ndéanfaidh siad mar atá déanta leis na limistéir pleanála teanga i dtaca linne. Tá baile seirbhíse Gaeltachta amháin atá cúig bliana anois ar an fhód agus beidh muid ag súil go gcuirfí tús leis an athbhreithniú i dtaca leis sin. Aithnímid - tá súil agam go n-aithníonn an Rialtas, agus is cinnte go n-aithníonn Roinn na Gaeltachta - gurb iad tionscadail seacht mbliana atá i gceist le cúrsaí pleanála teanga. Is tionscadail fada atá i gceist. Bhíomar uilig nó cuid mhaith daoine i láthair ag an gcomóradh 30 bliain a rinneadh le pobal Charn Tóchair. Tá a fhios agam taobh amuigh den Ghaeltacht go mb'fhéidir gurb é sin an ceantar is mó a bhfuil forbairt geallta dó ó thaobh cúrsaí pleanála teanga de. Is cinnte nach bhfuil muintir an phobail sin ag deireadh an aistir go fóill i dtaca le forbairtí Gaeilge de. Tá siadsan ar an fhód le 30 bliain ag gabháil leis seo.

Beidh mé ag súil go n-aithneofaí ag leibhéal an Rialtais gur tionscadal fadtéarmach é seo sa Ghaeltacht agus taobh amuigh di. Is cinnte go mbeidh athruithe agus feabhsuithe le déanamh ar an bpróiseas agus gur cur chuige céimnitheach atá i gceist leis na pleananna. Nuair a bheidh plean amháin curtha i bhfeidhm, beifear ag súil go mbeifí ag tógáil ar an bplean sin don chéad phlean eile ach go n-aithnítear go mbíonn tréimhse fada i gceist le pleananna teanga. Ghlac sé tamall fada an Ghaeilge a chur ó úsáid laethúil taobh amuigh den Ghaeltacht ar fud na tíre agus glacfaidh sé an fad céanna an Ghaeilge a chur i réim arís mar theanga laethúil sna ceantair sin. Beimid ag súil go n-aithníonn an Rialtas go bhfuil infheistíocht fhadtéarmach i gceist sna pobail sin.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.