Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 26 June 2024

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Pleanáil Teanga Laistigh agus Lasmuigh den Ghaeltacht: Plé

1:30 pm

Mr. Tomás Ó Síocháin:

Ar an gcéad dul síos, tá an próiseas seo ina thús mar níl sé déanta ag aon duine cheana féin. Tabharfaidh mé deis cainte do Shiubhán Nic Grianna mar bíonn sí ag plé leis an ábhar seo ar bhonn laethúil. Beidh an dá ról i gceist. Beidh ról lárnach ag na hoifigigh pleanála teanga mar gheall go bhfuil siadsan ag plé leis an obair seo ach, anuas air sin, beidh ról lárnach ag na ceanneagraíochtaí ó thaobh an ionchuir a dhéanamh agus mar sin de. Is as sin a thiocfaidh sé.

Mar a luaigh mé, bheinn dóchasach go mbeidh cinnteacht ann faoin dáta ionas go bhféadfaí tús a chur leis an obair sin agus is cinnte dearfa é gur cuid lárnach don obair agus don phróiseas an obair sin lena chinntiú go bhfuilimid ar an mbóthar ceart. Táimid ag féachaint ar an méid atá bainte amach le sé nó seacht mbliana anuas agus ag féachaint cad is féidir cur leis agus ar cad is fearr gearradh siar air agus cá bhfuil na hacmhainní is mó gur féidir linn luach a bhaint astu. Iarraim ar Shiubhán Nic Grianna cur leis sin anois.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.