Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 26 June 2024

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Pleanáil Teanga Laistigh agus Lasmuigh den Ghaeltacht: Plé

1:30 pm

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein) | Oireachtas source

Tá ceist agam a éiríonn ón méid a dúirt Tomás Ó Síocháin ansin. Dúirt sé go raibh an chéad phlean eile le teacht agus go mbeifí ag dul i gcomhairle leis na pobail arís, i gcásanna go bhfostófaí daoine an bhliain seo chugainn agus go mb’éigean dul i dteagmháil leo. An ar an duine atá fostaithe faoi láthair tús a chur leis sin in ainneoin nach mbeidh a fhios acu go mbeidh siad fostaithe mar go mbeidh sórt spáis ann? Má tá siad fostaithe, chaithfí go bhfuil plean ann. Mura bhfuil plean ann, ní bheidh siad fostaithe má tá siad ag teacht chun deiridh. Is é sin an ghéarchéim atá ann nach bhféadfaí a rá le duine go mbeidh seacht mbliana eile ann má tá plean nua atá maith go leor curtha os ár gcomhair. D'fhéadfaí go mbeadh fadhb ag an Aire, nó pé duine atá i gceist, agus tá daoine ag teacht chun deiridh anois. Chun plean ceart a chur le chéile, chaithfí am a chaitheamh ag déileáil leis an bpobal agus, mar a dúirt an finné, tarraingt na dtéad difriúil atá ann. Cad é an spriocdháta ó thaobh ár bhfinnéithe de chun go mbeadh plean ann, ní féidir liom a rá faoin mbliain seo chugainn ach b'fhéidir i mí Lúnasa, mar is é seo spriocdháta amháin, ach chun a bheith ag tosú ar phlean eile, nuair a bheifí ag cur tús athuair go hiomlán air? Beidh na daoine atá fostaithe imithe faoin am seo agus beidh buntáiste ag duine éigin eile nó ag eagras Gaeilge eile ann.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.