Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 26 June 2024

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Pleanáil Teanga Laistigh agus Lasmuigh den Ghaeltacht: Plé

1:30 pm

Mr. Tomás Ó Síocháin:

Is é an rud go díreach a bhí mé ag rá ná ón obair atá déanta againn, tá léiriú sna figiúirí. Ar an gcéad dul síos, tá lánfhostaíocht againn agus ní dúshlán mínádúrtha nó aisteach é seo in aon slí. Tá sé seo ag tarlú in go leor eagraíochtaí maidir le daoine a bheith ag teacht agus ag dul amach mar gheall go bhfuil deiseanna ann. Is maith an rud é sin. Ach an oiread le haon earnáil eile, tá deiseanna ó thaobh na Gaeilge de agus mar gheall ar an oiliúint agus an taithí atá faighte acu sna róil sin le bheith ag plé leis an bpobal agus leis na heagraíochtaí Stáit, tá bogadh chun cinn á dhéanamh agus tá an gréasán ann i gcónaí. Mar a luaigh an Teachta, chuirfeadh sé go mór leis dá bhféadfaimis cinnteacht a fháil faoi thodhchaí na gconarthaí sin le go mbeadh daoine cinnte dearfa faoi cad atá os a gcomhair amach. Mar a luamar, táimid dóchasach go bhfuil sé sin ar siúl agus go mbeidh sé in áit in am.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.