Oireachtas Joint and Select Committees
Wednesday, 26 June 2024
Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community
Pleanáil Teanga Laistigh agus Lasmuigh den Ghaeltacht: Plé
1:30 pm
Ms Siubhán Nic Grianna:
Díreach mar a dúirt an Cathaoirleach, glacann sé tamall pleananna teanga a chur le chéile. I gcásanna áirithe, sna háiteanna ina mbeidh deireadh tagtha le pleananna teanga faoi Lúnasa agus faoi Mheán Fómhair seo chugainn, táimid ag súil le bheith ag obair leis na ceanneagraíochtaí pleanála teanga sin cheana féin. Beidh pleanáil ar bun maidir leis na céimeanna atá le glacadh, caidé mar atáimid ag tabhairt faoin taighde, agus cén ceacht agus cén ról a bheidh ann. Mar a dúirt an príomhfheidhmeannach níos luaithe, tá cainteanna ar bun leis an Roinn ar an ábhar sin. Ní hé nach mbeidh aon rud ag tarlú. Beimid ag pleanáil sa treo go mbeidh spás ann, go mbeimid ag feidhmiú sa spás sin agus go mbeidh pleananna teanga úra ag oibriú ar feadh tréimhse seacht mbliana eile. Ní bheimid ag fanacht go dtí na dátaí deireanacha mar tá go leor oibre le déanamh. Mar a dúirt mé, caithfear dul ar ais go dtí na pobail iad féin agus aisghabháil a fháil uathu siúd. Glacann sé sin am.
No comments