Oireachtas Joint and Select Committees
Wednesday, 15 May 2024
Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community
Éileamh don Ghaelscolaíocht: Plé (Atógáil)
Mr. Cormac Chambers:
Is mian liom, ar son an fheachtais chun Gaelcholáiste a bhunú i mBaile Átha Cliath 2, 4, 6 agus 8, buíochas a gabháil leis an gCathaoirleach, na Teachtaí Dála agus na Seanadóirí as an deis a bheith anseo os comhair an choiste. Cuirfidh mé cás fíorláidir do Ghaelcholáiste i gceantar Bhaile Átha Cliath 2, 4, 6 agus 8 os comhair an choiste mar shampla cruinn d’éileamh ar an nGaelscolaíocht nach bhfuil á shásamh ag an Stát.
Cuireadh tús leis an bhfeachtas seo breis is trí bhliain ó shin de bharr an éilimh láidir do Ghaelcholáiste sa cheantar seo. Tá an t-éileamh seo bunaithe ar líon na bpáistí atá ag freastal ar chúig Gaelscoil sa cheantar agus ar an bhfás suntasach atá le teacht ar líon na bpáistí seo amach anseo. Is iad na scoileanna atá i gceist san fheachtas ná Gaelscoil Lios na nÓg; Scoil Bhríde; Gaelscoil Eoin; Bunscoil Sancta Maria, Sráid Synge; Gaelscoil Inse Chóir; agus Scoil Mológa.
Bhí sé le feiceáil agam fhéin agus ag na príomhoidí eile go raibh fíorshuim ag tromlach na bpáistí agus ag a gcuid tuismitheoirí leanúint leis an nGaeloideachas ag dara leibhéal ach nach raibh fáil ar an tseirbhís seo sa cheantar de bharr easpa Gaelcholáiste. Níl aon athrú ar an scéal seo ó shin, faraor. Cé go bhfreastalaíonn roinnt páistí ó na Gaelscoileanna sa cheantar ar Ghaelcholáistí taobh amuigh den cheantar faoi láthair, tá sé ríshoiléir ó bheith ag éisteacht le tuismitheoirí go leanúnach agus ó thorthaí suirbhéanna atá déanta ag an bhfeachtas go bhfuil go leor páistí á gcailliúint againn as an gcóras Gaelscolaíochta toisc nach bhfuil Gaelcholáiste acu ina gceantar fhéin. Ó bunaíodh an feachtas, tá an gá práinneach le Gaelcholáiste sa cheantar curtha os comhair polaiteoirí áitiúla, polaiteoirí ag an leibhéal náisiúnta agus os comhair an Aire Oideachais, an Teachta Norma Foley, faoi dhó. Cé go bhfuil an-tacaíocht faighte ag an bhfeachtas ó pholaiteoirí Rialtais agus ó pholaiteoirí an Fhreasúra, níl an t-éileamh do Ghaelcholáiste sa cheantar seo á shásamh ag an Stát.
Tá obair chrua déanta ag an bhfeachtas maidir le taighde a dhéanamh i measc tuismitheoirí sna Gaelscoileanna atá bainteach leis an bhfeachtas. Léiríonn torthaí an taighde seo go bhfuil éileamh ollmhór ann do Ghaelcholáiste i gceantar Bhaile Átha Cliath 2, 4, 6 agus 8. Mar chuid den taighde seo, rinneadh suirbhé ar na tuismitheoirí sna Gaelscoileanna sa cheantar. Tiocfaidh mé ar ais chuig torthaí an tsuirbhé i gceann tamaill.
Chomh maith leis seo, rinne an feachtas taighde mion maidir le háiteanna chónaithe na bpáistí sna Gaelscoileanna sa cheantar. Thaispeáin torthaí an taighde seo dúinn go raibh líon mór daltaí Gaelscoile ó cheantar Bhaile Átha Cliath 2, 4, 6 agus 8 nach raibh fáil acu ar Ghaelcholáiste. Is é sin le rá go mbeadh orthu suí i gcarranna ar maidin le haistear fada a dhéanamh taobh amuigh dá gceantar fhéin. Is gá tógáil san áireamh go bhfuil teaghlaigh i scoileanna atá bainteach leis an bhfeachtas a thagann ó cheantair atá faoi mhíbhuntáiste agus níl carr nó dhá charr ag na teaghlaigh sin le taisteal go Gaelcholáiste taobh amuigh den cheantar. Chomh maith leis seo, tá sé ag teacht salach ar dhualgais an Stáit maidir le cúrsaí aeráide, dar ndóigh.
Maidir le láthair do Ghaelcholáiste nua, tá an-obair déanta ag an gcoiste ag iniúchadh na bhféidearthachtaí a bheadh ann. Tá an taighde sin ar fáil má theastaíonn sé.
Tá clúdach suntasach faighte ag an bhfeachtas seo sna meáin náisiúnta de bharr an scéil a bheith chomh práinneach agus de bharr an iarrachta móire atá déanta ag na páistí agus tuismitheoirí ó na scoileanna na fadhbanna a bhaineann le heaspa Gaelcholáiste ina gceantar a chur chun cinn ar bhealaí éagsúla. Is feachtas é seo atá fréamhaithe sna Gaelscoileanna agus atá á thiomáint ag tuismitheoirí agus comhphobail na scoileanna.
Léiríonn torthaí an tsuirbhé a rinneadh i measc na dtuismitheoirí go bhfuil éileamh iontach láidir ar Ghaelcholáiste sa cheantar seo. I measc na dtuismitheoirí a bhfuil páistí acu i naíonáin bheaga go rang a haon, dúirt os cionn 85% acu go bhfuil spéis acu a gcuid páistí a chur chuig Gaelcholáiste ina scoilcheantar féin. Is léiriú cruinn é seo ar an éileamh atá ar Ghaelcholáiste sa cheantar seo. Léirigh torthaí an tsuirbhé gur tháinig laghdú suntasach ar líon na dtuismitheoirí a dúirt go raibh spéis acu a gcuid páistí a chur chuig Gaelcholáiste de réir mar a chuaigh na páistí go dtí na ranganna níos sinsearaí sna scoileanna.
De bharr an bhrú mór atá ar spásanna scoile dara leibhéal sa cheantar, déanann go leor tuismitheoirí cinneadh faoi mheánscoil thart ar rang a trí. Toisc nach bhfuil Gaelcholáiste sa cheantar, cailltear go leor páistí as an gcóras Gaelscolaíochta ag an bpointe seo. Is scannal é seo agus taispeánann sé easpa measa an Stáit agus na Roinne Oideachais ar fhorbairt na Gaeilge agus na Gaelscolaíochta. I mo scoil fhéin, Gaelscoil Lios na nÓg, feicim an pictiúr seo go bliantúil. Maraon leis na Gaelscoileanna eile sa cheantar, cuirimid an-bhéim ar an teanga agus ar an gcreat cultúrtha atá ag teastáil le comhthéacs a thabhairt don teanga do na páistí. Cuirimid an-bhéim chomh maith ar phobal a thógáil timpeall ar an gcultúr agus an teanga atá mar chroílár na scoile. Faoin am go dtagann na páistí go dtí rang a sé, bíonn an-chuid oibre déanta ag múinteoirí agus foireann uile na scoile leis na páistí chun iad a fhréamhú sa teanga agus sa chultúr Gaelach. Nuair a fheiceann muid os cionn leath de na páistí sin ag bogadh ar aghaidh go dtí meánscoileanna Béarla ina dhiaidh seo, briseann sé ár gcroíthe toisc go bhfuil an cinneadh déanta ag na tuismitheoirí ar bhonn phraiticiúil agus tuigimid go bhfanfadh siad sa chóras Gaelscolaíochta dá mbeadh an rogha acu.
Tá a fhios againn, ón taighde a luaigh mé níos luaithe, go mbíonn an cinneadh maidir le scoil dara leibhéal déanta ag tuismitheoirí roinnt blianta roimhe sin. Cothaíonn an easpa Gaelcholáiste sa cheantar cultúr ina bhfuil sé inghlactha go mbeidh go leor de na páistí ag freastal ar scoileanna dara leibhéal éagsúla Béarla. Briseann sé seo suas an comhphobal láidir atá tógtha thar ocht mbliain sna bunscoileanna. Dá mbeadh fáil ar Ghaelcholáiste sa cheantar, léiríonn an taighde go mbeadh os cionn 80% de na páistí ag bogadh ar aghaidh leis an nGaelscolaíocht le tógáil ar an mbunchloch a tugadh dóibh sa bhunscoil. Tá sé ríshoiléir go bhfuil an-éileamh ar an nGaelcholáiste i gceantair Bhaile Átha Cliath 2, 4, 6 agus 8 agus nach bhfuil an t-éileamh seo á shásamh ag an Stát.
Mar fhocal scoir, is mian liom, ar son an fheachtais do Ghaelcholáiste i mBaile Átha Cliath 2, 4, 6 agus 8, díriú ar fhreagra na Roinne Oideachais ar an gceist seo. Díríonn freagraí na Roinne ar spásanna a deir sí go bhfuil ar fáil i nGaelcholáiste i Ráth Fearnáin. Tá Ráth Fearnáin go hiomlán taobh amuigh den cheantar ina bhfuil na páistí s’againne ag freastal ar an mbunscoil. Níl sé praiticiúil do thuismitheoirí agus ní dhéanann sé ciall ar bith más mian linn pobal úsáide Gaeilge a fhorbairt thart ar Ghaelcholáiste nua a fhreastalaíonn ar na páistí i mBaile Átha Cliath 2, 4, 6 agus 8. Tá an cur chuige seo ón Roinn Oideachais ag teacht salach ar pholasaí an Rialtais seo i dtreo na Gaelscolaíochta agus i dtreo na Gaeilge. Chomh maith leis sin, tá sé ag déanamh neamhaird ar na cearta teanga atá ag na páistí i mBaile Átha Cliath 2, 4, 6 agus 8 agus an ceart atá acu leanúint lena n-aistear oideachais lán-Ghaelach ina gceantar fhéin.
No comments