Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 15 May 2024

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Éileamh don Ghaelscolaíocht: Plé (Atógáil)

Mr. E?in MacMaoilir:

Tá mé ag labhairt leis an gcoiste mar chathaoirleach ar Ghaelscoil Shliabh Rua agus mar ionadaí on grúpa Gaelcholáiste4Cherrywood. Bhunaigh muid an grúpa seo mar gheall ar easpa áiteanna Gaelcholáiste i ndeisceart Bhaile Átha Cliath. Is ceantar mór é Baile Átha Cliath theas ina bhfuil eastáit mhóra tithíochta á dtógáil go leanúnach ann. Tá seacht nGaelscoil sa cheantar agus bunaíodh trí cheann acu le 11 bliain anuas. Áirítear leis seo ceithre scoil faoi phátrúnacht Chaitliceach - is scoil DEIS í ceann acu siúd – agus trí scoil nua ilchreidmheach.

Tá méadú 48% tagtha ar líon na ndaltaí Gaelscoile i gceantar Dhún Laoghaire-Ráth an Dúin ó 2015. Anois, tá 2,062 dalta ag dul go dtí na scoileanna seo agus tá an figiúr sin ag méadú bliain i ndiaidh bliana. Tá a lán éagsúlachta sa daonra seo. Tá go leor tuismitheoirí ó thíortha eile agus tuismitheoirí gan Gaeilge líofa agus ó chúlraí éagsúla. Léiríonn sé seo fíorfhás i bpobal na Gaeilge agus an poitéinseal atá ag an nGaeilge mar uirlis chomhtháthaithe. Is é an trua ná, nuair a chríochnaíonn na daltaí rang a sé, ní bhíonn an deis acu dul ar aghaidh le chéile ag foghlaim trí Gaeilge mar gheall ar an easpa spáis i nGaelcholáiste sa cheantar.

Ach tá deis ag an Rialtas an pobal Gaelach nua seo a fhorbairt le Gaelcholáiste nua i gCoill na Silíní. Tá trí Ghaelcholáiste sa cheantar ach tá siad measartha lán le paistí ó na Gaelscoileanna níos sine sa cheantar. Le deich mbliana anuas, tá an fás is mó ar líon na daltaí Gaelscoile sa tír i mórcheantar Bhaile Átha Cliath theas. Rinne tuismitheoirí an rogha a bpáistí a chur chuig scoil lán-Ghaelach ach, nuair a chríochnaíonn na páistí an bhunscoil, ní hamháin nach bhfuil deis acu dul chuig Gaelcholáiste, ach tá níos lú rogha ag na tuismitheoirí cá háit a bpáistí a sheoladh ná atá ag teaghlaigh eile, fiú ó thaobh na meánscoileanna Béarla. Tá siad ar bun polasaithe iontrála na meánscoileanna go léir. Baineann easpa Gaelcholáiste an bonn de spriocanna an Stáit féin i leith na teanga freisin.

Is Gaelscoileanna ilchreidmheacha agus ionchuimsithigh iad na bunscoileanna is nua sa cheantar. Sna scoileanna seo, tá méadú faoi dhó tagtha ar líon na ndaltaí le ceithre bliana anuas, ó 382 in 2019 go 795 in 2023. Tá daltaí ó gach cearn den domhan ag freastal ar na scoileanna seo. I mo Ghaelscoil, Gaelscoil Shliabh Rua, bhí roinnt de na cathaoirligh den chumann tuismitheoirí ó thíortha eile. Tá na daltaí ag taisteal ó cheantar mór go dtí an bhunscoil agus tá Gaelcholáiste ag teastáil dóibh le naisc iompair mhaithe. Is féidir le daoine taisteal chuig Coill na Silíní ar an Luas nó leis an gcarr, leis an mbus nó leis an rothar ar an M50 nó an N11. Is siúlóid 25 nóiméad é ó Bhaile Breac, áit a bhfuil Gaelscoil Phádraig, Gaelscoil DEIS, suite.

Tá staid an oideachais casta i mBaile Átha Cliath theas, áit a bhfuil meánscoileanna difriúla le haghaidh daoine difriúla de réir aicme shóisialta. Tá go leor roghanna ag roinnt daoine agus easpa roghanna ag daoine eile. Tá an chuid is mó de na meánscoileanna sa cheantar ina scoileanna aonghnéis. Tá cead pleanála don suíomh i gCoill na Silíní. Is deis é seo meánscoil ilchreidmheach ionchuimsitheach a bhunú trí mheán na Gaeilge agus seans chun scéal oideachais Bhaile Átha Cliath theas a athrú. Tá sé fógartha ag an Rialtas go mbeidh ceann den dá bhunscoil atá beartaithe do Choill na Silíní ina Gaelscoil. Neartaíonn sé seo ár gcás ar son Gaelcholáiste i gCoill na Silíní.

Tá an Roinn Oideachais ag déanamh beag is fiú de spriocanna agus seasamh an Stáit leis an easpa gnímh i leith na Gaelscolaíochta. Tá tuismitheoirí ar mian leo a bpáistí a chur chuig scoileanna lán-Ghaeilge fágtha as an bpróiseas mar gheall ar an modh ina reáchtálann an Stát na comórtais phátrúnachta. Tá sé cosúil le gerrymandering. Tá an próiseas tógtha ar bhealach ina dtéann ár nguth amú. Ba chóir go mbeadh an deis ag gach páiste sa Stát oideachas a fháil trí Ghaeilge.

Mar a dúirt mé, tá pobal ilghnéitheach Gaeilge lán le Gaeilgeoirí nua á chothú ag na bunscoileanna. Shamhlaigh dá ligfí don phobal seo fás le chéile le linn na meánscoile. Tá a fhios againn go bhfuil an tréimhse aistrithe scoile an-tábhachtach ó thaobh folláine daoine óga agus go laghdaíonn sé strus nuair is féidir leat do chuid chairde a thabhairt leat. Faraor, ag an am seo, briseann muid suas na pobail nua seo. B'fhéidir go bhfuil an deis ag duine nó beirt dul chuig Gaelcholáiste ach téann an chuid is mó chuig meánscoileanna éagsúla meán-Bhéarla. Tá na Gaelscoileanna seo ar bun an liosta nuair atáthar ag caint faoi na polasaithe iontrála le haghaidh roinnt de na Gaelcholáistí sa cheantar agus gach meánscoil eile. Ní hamháin go gcuireann sé sin stop le deiseanna daltaí aonair, ach bíonn tionchar diúltach aige ar bhunscoileanna nua. Go minic, bogann daltaí ó na scoileanna nua seo go dtí scoileanna eile atá níos airde ar pholasaithe iontrála na nGaelcholáistí. Muna raibh easpa spáis ann, ní tharlódh é seo. Molaimid go dtabharfar isteach próiseas chun scoileanna lán-Ghaeilge a bhunú, go mbeadh ceart dlíthiúil ag daoine ar oideachas lán-Ghaeilge agus go dtabharfar isteach dualgas reachtúil chun líon na scoileanna lán-Ghaeilge a ardú

Tá an Stát tar éis infheistiú sa cheantar seo ag an mbunleibhéal. Inár gceantar, tá 2,062 dalta sna Gaelscoileanna agus tá an uimhir sin ag fás. Caithfear an infheistíocht chéanna a dhéanamh ag an dara leibhéal chun an luach a bhaint as. Tá easpa comhtháthaithe sa cheantar agus tá daoine ag lorg é sin. Laghdódh Gaelcholáiste nua an brú a chuireann liostaí feithimh ar scoileanna agus tuismitheoirí sa cheantar. Tá an suíomh ann, tá na páistí ann agus anois tá an deis ann. Is é an Gaelcholáiste an t-aon rud atá in easnamh. Gabhaim buíochas leis an gcoiste as an deis ionadaíocht a dhéanamh ar son fheachtas Gaelscoil4Cherrywood.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.