Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 15 May 2024

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Éileamh don Ghaelscolaíocht: Plé (Atógáil)

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein) | Oireachtas source

Tá an cruinniú seo ar siúl mar ghnáthchruinniú i seomra coiste 4 i dTithe an Oireachtais, cé go bhfuil gné fhíorúil ar Microsoft Teams mar chuid de freisin. Tá ceathrar comhaltaí i láthair sa seomra coiste agus ar líne, Teachtaí Dála agus Seanadóirí san áireamh. Tá mé féin agus an Teachta Catherine Connolly i seomra coiste 4. Feicim go bhfuil na Teachtaí Marc Ó Cathasaigh agus Joe McHugh agus an Seanadóir Seán Kyne ar líne.

Inniu breathnóidh muid ar an éileamh don Ghaelscolaíocht ag leibhéal na n-iarbhunscoil agus na bunscolaíochta nach bhfuil á shásamh ag an Stát, le hionadaithe ón bhfeachtas chun Gaelcholáistí a bhunú sna ceantair seo a leanas: Baile Átha Cliath 2, 4, 6 agus 8; deisceart chathair Bhaile Átha Cliath; tuaisceart chathair Bhaile Átha Cliath; agus Sord i gContae Bhaile Átha Cliath. I ndiaidh sin, déanfaidh muid plé ar an éileamh Gaelscolaíochta ag leibhéal na bunscoileanna nach bhfuil á shásamh i mBaile Átha Cliath 10 agus 12. Pléifear é sin le hionadaithe ó Bhaile Átha Cliath 10 agus 12. Leanfaidh an cruinniú ar aghaidh go dtí 4.30 p.m. más gá. Níl aon leithscéal faighte agam.

Is mian liom fáilte a fhearadh roimh chomhaltaí an chomhchoiste, roimh chomhaltaí eile atá ag freastail ar an gcruinniú, roimh ár lucht féachana ón taobh amuigh agus, dar ndóigh, roimh fhinnéithe an tseisiúin seo. Tá Cormac Chambers, Julian de Spáinn agus Clare Kavanagh anseo mar ionadaithe thar ceann an fheachtais chun Gaelcholáiste a bhunú i mBaile Átha Cliath 2, 4, 6 agus 8. Tá Eóin MacMaoilir agus Diane Hayes anseo mar ionadaithe thar ceann an fheachtais chun Gaelcholáiste a bhunú i ndeisceart chathair Bhaile Átha Cliath. Tá Rachel de Bhailís, Ciarán Mac Réamóinn agus Cormac Mac Cashin anseo mar ionadaithe thar ceann an fheachtais chun Gaelcholáiste a bhunú i Sord. Tá an Dr. Sinéad Nic Aindriú agus an tOllamh Pádraig Ó Duibhir anseo mar ionadaithe thar ceann an fheachtais chun Gaelcholáiste a bhunú i dtuaisceart chathair Bhaile Átha Cliath. Tá Treasa Ní Mhurchú agus Simon Ó Donnabháin anseo thar ceann an fheachtais chun Gaelscoil a bhunú i mBaile Átha Cliath 10 agus 12.

Is mian liom a chur ar an taifead go bhfuil na finnéithe seo ar fad ag freastal ar an gcruinniú ó seomra coiste 4, taobh istigh de phurláin Thithe an Oireachtais. Sula leanaimid ar aghaidh le breathnú ar an éileamh ar an nGaelscolaíocht nach bhfuil á shásamh ag an Stát, tá sé de dhualgas orm na rialacha agus na treoracha seo a leagadh faoi bhráid na gcomhaltaí, na mball foirne agus na bhfinnéithe atá ag freastal ar gcruinniú. Meabhraím do chomhaltaí, d'fhinnéithe agus do bhaill foirne a chinntiú go bhfuil a ngutháin soghluaiste múchta le linn na cruinnithe mar is féidir leis na gléasanna sin cur isteach ar chóras craolacháin, eagarthóirtheachta agus fuaime Thithe an Oireachtais. Tá an rogha ag comhaltaí freastal ar an gcruinniú go fisiciúil sa seomra coiste nó go fíorúil ar Microsoft Teams, ar an gcoinníoll, i gcás cruinnithe phoiblí, gur óna n-oifigí i dTithe an Oireachtais a dhéantar sin. Is riachtanas bunreachtúil é sin. Nuair atá comhaltaí ag freastal óna n-oifigí, ba chóir dóibh a bhfíseáin a bheith ar siúl an t-am go léir agus iad ag labhairt linn. Baineann an choinníoll seo leis na finnéithe freisin agus iad ag freastal ar an gcruinniú go fíorúil. Meabhraím dóibh a chinntiú go bhfuil a micreafóin múchta nuair nach bhfuil siad ag labhairt.

Ba mhaith liom a chur ar aird na bhfinnéithe inniu go bhfuil siad, de bhua Bhunreacht na hÉireann agus reachtaíochta araon, faoi chosaint ag lánphribhléid maidir leis an bhfianaise a thugann siad don chomhchoiste chomh fada agus atá siad lonnaithe laistigh de phurláin Thithe an Oireachtais agus an fhianaise sin á tabhairt acu. Is fíric é nach féidir le finnéithe braith ar an gcosaint sin agus fianaise á thabhairt acu taobh amuigh de phurláin Thithe an Oireachtais. Molaim d’fhinnéithe a bheith cúramach agus iad ag tabhairt fianaise agus má ordaíonn an comhchoiste dóibh éirí as fianaise a thabhairt i leith ní áirithe, go ndéanfar amhlaidh láithreach. Ordaítear dóibh gan aon fhianaise a thabhairt nach fianaise í a bhaineann le hábhar na n-imeachtaí atá á bplé ag an gcomhchoiste. Ba chóir dóibh a bheith ar an eolas go ndéanfar na ráitis tosaigh a chuir siad faoi bhráid an choiste a fhoilsiú ar shuíomh gréasáin an chomhchoiste tar éis an chruinnithe seo.

Fiafraítear d’fhinnéithe agus de chomhaltaí araon cleachtadh parlaiminte a urramú nár chóir, más féidir, daoine nó eintiteas a cháineadh ná líomhaintí a dhéanamh ina n-aghaidh ná tuairimí a thabhairt maidir leo ina ainm, ina hainm nó ina n-ainmneacha ar shlí a bhféadfaí iad a aithint. Chomh maith leis sin, fiafraítear dóibh gan aon rud a rá a d’fhéadfaí breathnú air mar ábhar díobhálach do dhea-chlú aon duine nó eintiteas. Mar sin, dá bhféadfadh a ráitis a bheith clúmhillteach do dhuine nó eintiteas aitheanta, ordófar do na finnéithe éirí as na ráitis sin láithreach. Tá sé ríthábhachtach go ngéillfidh siad don ordú sin láithreach. Má aontaíonn muid leis, tosóidh muid an cruinniú. An bhfuil sé sin aontaithe? Aontaithe.

Cuirfidh muid tús leis an gcruinniú. Feicim go bhfuil an Teachta Moynihan tar éis teacht isteach chomh maith céanna. Iarraim ar Chormac Chambers ón fheachtas chun Gaelchólaiste a bhunú i mBaile Átha Cliath 2, 4, 6 agus 8 a ráiteas tosaigh a dhéanamh.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.