Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 1 May 2024

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Pleanáil Teanga Lasmuigh den Ghaeltacht: Plé

1:30 pm

Mr. Brian Ó Gáibhín:

Ar son Mhuintir Chrónáin agus líonra Gaeilge shráidbhaile Chluain Dolcáin - go háirithe Aoife Nic Thomáis, oifigeach pleanála teanga, agus mé féin - gabhaim buíochas le baill an choiste. Tá mé mar chathaoirleach ar choiste líonra Gaeilge shráidbhaile Chluain Dolcáin agus tá mé mar chathaoirleach ar choiste náisiúnta na líonraí Gaeilge chomh maith. Tá Muintir Chrónáin ag feidhmiú ó 1972 - agus píosa beag roimhe sin - i gCluain Dolcáin agus sa cheantar máguaird. Tá sé cruthaithe againn thar na blianta go bhfuil muid lán ábalta spriocanna a leagan síos dúinn féin, iad a bhaint amach agus pleanáil a dhéanamh don todhchaí. Tá taithí agus cleachtadh na mblianta againn ar bhainistiú tionscadail a bhaineann le cur chun cinn na Gaeilge agus na spriocanna sin sa sprioc-cheantar. Táimid ag déileáil le scéimeanna pobal, agus scéim dhátheangachas roimhe sin, ó 2000 i leith. Bíonn pleananna oibre agus clár gníomhaíochtaí na heagraíochta á mbainistiú againn gach bliain ar an mbonn éifeachtach torthúil atá cruthaithe againn cheana i mbainistiú obair mhór Mhuintir Chrónáin thar na blianta.

Is é an sprioc-cheantar atá againn ná sráidbhaile Chluain Dolcáin ach tá sé i bhfad níos leithne ná sin. Tá an ceantair máguaird san áireamh chomh maith agus cuid mhaith d'Áth Cliath theas freisin. Is fobhaile uirbeach gnóthach é Cluain Dolcáin in iarthar Bhaile Átha Cliath atá suite idir Tamhlacht, Ráth Cúil, An Caisleán Nua, Leamhcán agus Gleann na Life, bailte atá ar imeall an cheantair. Tá tionchar an-mhór againn ní hamháin ar Chluain Dolcáin ach ar na ceantracha seo chomh maith. Is meascán de thithe, árasáin, ionaid siopadóireachta, ionaid ghnó, ionaid phobail agus scoileanna atá sa cheantar. Is é an sprioc atá againn leis an bpróiseas pleanála teanga ná an Ghaeilge a láidriú mar theanga theaghlaigh agus mar theanga phobail. Tá sé seo á dhéanamh againn trí phróiseas céimnithe a chur i bhfeidhm ar an talamh i gceantair Chluain Dolcáin, le tacaíocht agus rannpháirtíocht an phobail.

Bhunaigh muid neart ionad oideachais thar na mblianta cosúil le Scoil Chrónáin i Ráth Cúil in 1975; Naíonra Chrónáin in 1979; dhá bhunscoil lán-Ghaeilge, Gaelscoil Chluain Dolcáin in 1984 agus Gaelscoil na Camóige in 1993; agus iar-bhunscoil lán-Ghaeilge, Coláiste Chillian, in 1981. Cheannaíomar Orchard House, atá athainmnithe go Áras Chrónáin againn agus atá mar cheannáras againn ó 1990. Is trua liom a rá agus mé i mo shuí anseo inniu go bhfuil cuid mhaith de na háiseanna oideachais seo fós i bhfoirgnimh réamhthógtha - seachas Coláiste Chillian - cé gur gheall an Rialtas thar na blianta áiseanna agus acmhainní cearta a chur ar fáil dóibh.

Tá nasc, cumarsáid agus caidreamh láidir cruthaithe againn agus muid ag forbairt cúrsaí thar na mblianta le lucht gnó áitiúil, le heagraíochtaí, leis an bpobal áitiúil, le húdaráis áitiúil, agus le rannóga Stáit. Tá Muintir Chrónáin agus an sráidbhaile Chluain Dolcáin ag plé leis an bplean teanga le os cionn 50 bliain. Thar na blianta, tá go leor dul chun cinn déanta againn ag cruthú suíomh ina bhfuil an Ghaeilge beo mar theanga cumarsáide i measc an phobail. Agus mé os comhar an choiste inniu, is cúis bróid dom a rá go bhfuil cainteoirí dúchasacha á dtógáil i gCluain Dolcáin, rud a raibh mar fhís againn nuair a thosaigh Muintir Chrónáin sna 1970idí. Is de thoradh dea-chleachtas pleanáil teanga go bhfuil an éacht seo bainte amach againn. Thug Uachtarán na hÉireann, Mícheál D. Ó. hUigín, cuairt ar Áras Chrónáin mar Aire siar in 1993. Agus muid ag éisteacht leis in Áras Chrónáin a bhí díreach oscailte, dúirt sé gur ghairid go mbeadh Gaeltacht dár gcuid féin ag daoine san ardchathair. Níor cheapamar riamh go mbainfeadh muid amach an sprioc sin ach le cúpla bliain anuas, bhaineamar amach stádas líonra Gaeilge do shráidbhaile Chluain Dolcáin. Le linn an phróisis stádas líonra Gaeilge a bhaint amach, d’éirigh linn comhoibriú a dhéanamh le heagrais Stáit, saineolaithe pleanála teanga, agus grúpa pobail eile ar fud fad na hÉireann. Bhíomar lárnach i mbunú comhchoiste náisiúnta na líonraí Gaeilge, grúpa tacaíochta atá lárnach agus riachtanach i bhforbairt na pleanála teanga, ní hamháin inár gceantar féin ach sna ceantracha difriúla.

Le linn le hoibre mhóir seo ar fad thar na blianta agus an tacaíocht a chuireadh ar fáil ag an Rialtas, tuigtear agus feictear dúinn go bhfuil go leor fós le déanamh. Táimid dáiríre faoin bpleanáil teanga inár gceantar. Leanann muid dea-chleachtas na pleanála teanga agus leanann muid spriocanna. Bainimid amach spriocanna agus tugann muid faoin bpleanáil agus forbairt fadtéarmach. Tá mórcheist gam do bhaill an choiste seo inniu, agus don Rialtas i gcoitinne: an bhfuil siad dáiríre faoin bpleanáil teanga? An bhfuil siad dáiríre maidir le tacaíocht cuí agus ceart a chur ar fáil do na grúpaí pobail atá ag obair go dian ag cur i bhfeidhm pleanáil teanga inár gceantar?

Táimid fíorbhródúil mar phobal ní hamháin as an stádas líonra Gaeilge a bhaint amach, ach freisin as an gcaidreamh agus an comhoibriú atá cruthaithe againn a chuidíonn le dea-chleachtas na pleanála teanga ar fud fad an oileáin. Gabhaim buíochas leis an gcoiste as ucht an chuiridh stairiúil seo a thabhairt dúinn ar fad teacht anseo inniu. Is é seo mo chéad uair labhairt os comhair an chomhchoiste Gaeilge cé go bhfuil mé ag plé le cur chun cinn na Gaeilge le os cionn 20 bliain i gceantar Chluain Dolcáin. Guím gach rath ar an obair atá ar bun agaibh.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.