Oireachtas Joint and Select Committees
Wednesday, 1 May 2024
Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community
Pleanáil Teanga Lasmuigh den Ghaeltacht: Plé
1:30 pm
Ms Siobhain Grogan:
Gabhaim buíochas leis an gcoiste as an deis seo. Táimid anseo ag éisteacht leis na daoine atá chun tosaigh orainn agus ag foghlaim. Chuaigh muintir Chill Dara go Carn Tóchair ar thuras agus spreag sé muid i slí dochreidte. Tá sé iontach nuair a bhíonn deis ag daoine teacht le chéile agus na scéalta agus na smaointe a roinnt agus a chloisteáil.
Thosaíomar amach mar ghrúpa pobail in 2009 ach bunaíodh Cill Dara le Gaeilge mar chomhlacht beagnach deich mbliana ina dhiaidh mar bhíomar ag iarraidh struchtúr a chur orainn féin agus go mbeadh fostaíochta againn. Chuireamar plean teanga le chéile. Rinneamar rud nach raibh déanta sa tír roimhe sin agus go bhfios dom nár tharla ó shin i leith, is é sin, chuireamar plean teanga contae le chéile don chéad uair riamh. Tá cúig ceantar bardasach i gContae Chill Dara agus ag an bpointe sin, in 2019, nuair a seoladh ár gcéad plean teanga, ní raibh grúpa pobail ach i gceantar bardasach amháin ann, i Nás na Rí. I ndiaidh dúinn an plean sin a sheoladh, chuamar ar chamchuairt timpeall an chontae agus bhí sprioc againn an chéad uair eile a bhí plean teanga le scríobh againn, sé sin in 2024, go mbeadh ar a laghad grúpa pobail i gceantar bardasach amháin eile. Ach tar éis na camchuairte sin, d'eagraíomar meitheal amháin gach bliain. Is teacht le chéile bliantúil é seo a bhíonn ag muintir Chill Dara. Tugann sé deis do phobal na Gaeilge teacht le chéile. Pléann daoine an méid a bhí ar siúl acu sa bliain dheireanach, cad atá ar siúl acu faoi láthair agus cad atá le teacht, agus spreagann sé daoine. I mbliana, sa phlean teanga nua ar a bhfuilimid fós ag obair, tá grúpa pobail i ngach ceann den chúig ceantar bardasach. Is bua ollmhór é sin dúinn.
Ceann de na dúshláin atá againn ná go mbeadh struchtúr ar na grúpaí ar fad agus go mbeadh cumarsáid cheart eadrainn. Is ceanneagrais an chontae é Cill Dara le Gaeilge agus ceann de na rudaí atá ar bun againn ná go mbeadh féilire comónta againn ionas go mbeadh daoine in ann teacht le chéile agus go mbeadh deis acu a bheith ag smaoineamh ar cad atá ar siúl ina gceantar. Má tá siad ag tógáil clainne le Gaeilge, beidh a fhios acu cá bhfuil na hacmhainní agus na himeachtaí atá ar siúl againn.
Táimid fíorbhródúil as sin.
Rinne mé dearmad ar na sleamhnáin agus mé ag caint anseo ach léiríonn siad ár dturas leis an bplean teanga nua. In 2022, bunaíodh an coiste pleanála agus chuamar go dtí an cúig ceantar bardasach mar bhí grúpa pobail ansin. Bhí cruinnithe oscailte ar siúl againn ionas go mbeadh fáilte roimh gach duine. Bhíomar ag lorg smaointe nua agus daoine nua. Bhí cruinniú i ngach ceantar bardasach. Ansin, chuireamar dréacht le chéile agus chrochadh ar shuíomh Cill Dara le Gaeilge é. Táimid ag súil go mbeidh an seoladh oifigiúil tar éis an tsamhraidh i mbliana agus go mbeidh gach grúpa pobail i láthair. Beidh fáilte roimh dhaoine teacht chuige sin.
Tar éis an seoladh, rachaimid ar ais go dtí na ceantair bardasacha eile ionas go mbeidh daoine timpeall an chontae ar an eolas faoin méid atá ar siúl agus cad atá i gceist le pleanáil teanga. Tháinig daoine le chéile roimh don phlean a bheith scríofa. Bhí deis acu aiseolas a thabhairt agus beidh deis acu féachaint conas mar a bhíonn an rud sa deireadh ansin. Leanfaidh Meitheal Chill Dara ar aghaidh. Tugann sé deis dúinn uasdátú a dhéanamh ar an bplean agus tugann sé deis do phobal na Gaeilge féachaint ar cad atá ar siúl.
Aontaím le gach rud atá ráite go dtí seo. Nuair atá airgead poiblí i gceist le haon rud, ba chóir go mbeadh an Ghaeilge mar chuid de. Sampla an-simplí ná Lá Fhéile Pádraig. Caitear a lán airgid poiblí i mBaile Átha Cliath ar an mórshiúl, agus bíonn paráidí timpeall na tíre, ach ní bhíonn mórán Gaeilge le cloisteáil, seachas má tá grúpa atá ag obair in earnáil na Gaeilge á bhrú chun tosaigh. Má tá airgead poiblí i gceist ann, ba chóir go mbeadh úsáid na Gaeilge mar chuid de na coinníollacha. Is é sin an fáth i Nás na Ríogh go mbíonn féile sráide ann. Tá na sráideanna againn ar Lá Fhéile Pádraig ansin agus is féile trí Ghaeilge amháin atá ann. Ceapaim go bhfuil sé sin an-tábhachtach. Má tá airgead poiblí á chaitheamh, is cóir gurb é ceann na coinníollacha ná go mbeadh an Ghaeilge mar chuid de.
No comments