Oireachtas Joint and Select Committees
Wednesday, 1 May 2024
Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community
Pleanáil Teanga Lasmuigh den Ghaeltacht: Plé
1:30 pm
Mr. Niall Ó Catháin:
Gabhaim buíochas leis an gcoiste as an gcuireadh a theacht anseo inniu. Is baill mé de choiste forbartha Charn Tóchair agus is cathaoirleach mé ar an choiste pleanála teanga. Anseo liom inniu tá Joe Ó Dochartaigh, oifigeach pleanála teanga, agus Aoife Ní Chaiside, oifigeach óige s'againne. Tá a fhios agam nach bhfuil ach cúig bomaite againn agus mar sin níl an t-am agam dul tríd an ráiteas pointe ar phointe. Déarfaidh mé cúpla rud faoin taithí s'againne mar chomhphobal tuaithe agus ansin rachaidh mé tríd mórphointí na moltaí atá déanta againn.
Is é ceantar Charn Tóchair an t-aon líonra atá lonnaithe i gceantar tuaithe agus go bhfios dúinn, níl aon cheantar tuaithe eile taobh amuigh den Ghaeltacht a bhfuil soláthar Ghaelscolaíocht agus straitéis athbhunú teanga idir lámha aige. Táimid suite i dtuaisceart na Speiríní i ndeisceart Chontae Dhoire agus is ceantar iar-Ghaeltachta atá ann inar mhair an Ghaeilge mar theanga phobail isteach sa 20ú haois. Is ceantar tuaithe ar fad é Carn Tóchair. Níl sráidbhaile nó baile mór sa cheantar.
Bunaíodh an cumann pobail in 1992 agus an fhís a bhí againn ag an am sin ná pobal labhartha Gaeilge a athbhunú ón talamh aníos. Ag an am sin, bhí muid muiníneach go dtiocfadh linn é sin a dhéanamh taobh istigh de deich bliana nó mar sin. Ach de réir a chéile, d'aithin muid go raibh sé iontach soineanta a bheith ag smaoineamh mar sin agus gur próiseas i bhfad níos fadtéarmaí atá ann a ghlacfaidh na mblianta agus roinnt glúnta chun é a bhaint amach mar is ceart. Anois, 30 bliain níos moille, cé gur fada ó cheann scríbe muid, tá go leor bainte amach againn. Tá réimse leathan seirbhísí, imeachtaí agus clubanna againn, uilig ag feidhmiú trí mheán na Gaeilge. Tá cuid mhór deiseanna de theaghlaigh, daoine óga agus daoine fásta chun an Ghaeilge a labhairt agus is rud iomlán normálta an Ghaeilge a chluinstin sa cheantar s'againn anois. Is daoine óga go príomha a chluineann tú agus sin toisc go bhfuil comhphobal óg bríomhar ag fás aníos anois leis an nGaeilge.
Is é ceantar Charn Tóchair an t-aon cheantar amháin taobh amuigh den Ghaeltacht ina bhfuil an Ghaeloideachas mar phríomhshruth oideachais ag leibhéil na bunscoile. Tá os cionn 180 dalta ag freastal ar an Ghaeloideachais i gcomparáid le 75 dalta sa chóras trí mheán an Bhéarla. Chomh maith leis sin, tá breis agus dosaen teaghlach ag tógáil clainne agus an Ghaeilge sa bhaile acu.
Cé gur tionscadal i bhfad níos fadtéarmaí é ná mar a shíl muid nuair a thosaigh muid amach, táimid níos muiníní ná mar a bhí muid ariamh go dtig linn an fhís sin ó 1992 a bhaint amach, agus an Ghaeilge a chur ar ais i mbéal an phobail mar ghnáththeanga laethúil an chomhphobail.
Ó thaobh moltaí s'againn, thar aon phointe eile, táimid ag iarraidh a chur ina luí ar an gcomhchoiste inniu an tábhacht a bhaineann le fís uaillmhianach a bheith againn agus creidiúint gur féidir an fhís sin a bhaint amach. Creideann na grúpaí atá anseo inniu gur féidir leo an Ghaeilge a chur ar ais i mbéal an phobail sna ceantair s'acu agus tá fís agus plean acu chun é sin a bhaint amach. Ach níl aon fáth nach dtiocadh linn é sin a dhéanamh fud fad na tíre dá mbeadh toil pholaitiúil, straitéis comhordaithe agus infheistíocht cheart déanta. Ach, ar an drochuair, ní shíleann muid go gcreideann formhór na bpolaiteoirí ina gcroíthe gur féidir teanga na hÉireann a chur ar ais i mbéal phobal na hÉireann. Muna gcreideann na polaiteoirí a bhfuil cumhacht acu go bhfuil sé indéanta, ní tharlóidh sé. Síleann muid go bhfuil géarghá ann le mórfheachtas a eagrú chun an cheist seo a ardú ar an gclár oibre polaitiúil. Caithfimid uilig dul i bhfeidhm ar na polaiteoirí ag an leibhéil is airde, agus in achan pháirtí, chun a chur ina luí orthu gur féidir linn an fhís seo a bhaint amach agus go gcaithfidh reachtaíocht, straitéisí, polasaithe agus infheistíocht a bheith curtha ar fáil leis an fhís seo a soláthar. Níl ach seacht mbliana do Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge fágtha agus is fiú an deis sin a thapú chun an fhís uaillmhianach seo a fhorbairt agus a chur chun cinn. Molann muid gur chóir tús a bheith déanta gan mhoill ar an phróisis sin agus ba chóir ról lárnach a bheith ag na grúpaí anseo agus na grúpaí sa Ghaeltacht.
Ó thaobh na Gaeloideachais de, cé nach gcruthóidh sí pobal teanga aistí féin, níl aon amhras in intinn s'againn gurb é an Ghaeloideachas an bealach is fearr chun glúin de dhaoine óg atá líofa sa teanga a chruthú. Beidh siad siúd ina mbaill de phobail Ghaeilge sa cheantar s'acu as seo amach. Mar sin, beidh sé tábhachtach go mbeadh fás, forbairt agus infheistíocht déanta sa Ghaeloideachas ag achan leibhéil. Tá gá le hinfheistíocht i scoileanna reatha agus scoileanna nua, infheistíocht chaipitil agus infheistíocht in oiliúint múinteoirí agus oibrí don earnáil.
Molaimid chomh maith gréasán d'ionad teaghlaigh agus ionaid phobail a fhorbairt taobh le gach Gaelscoil sa tír - cosúil le Carn Tóchair - ionas gur féidir le pobail Ghaeilge áitiúla bheith ag forbairt thart orthu. Bheadh idir infheistíocht chaipitiúil agus infheistíocht oibríochtúil le déanamh sna hionaid seo chomh maith, sa dóigh is go mbeadh siad ábalta réimse seirbhísí a sholáthar a leithéidí cúram lae, soláthar réamhscoile, ranganna Gaeilge, cláir óige agus ealaíon, clubanna ceoil agus grúpaí drámaíochta. Thiocfadh leo chomh maith a bheith, cosúil leis an Charn, ag díriú isteach ar obair chomhphobal agus ar fhiontair shóisialta chomh maith. Molaimid fosta straitéis ar leith a bheith déanta chun gréasán seirbhísí óige a sholáthar, arís taobh le gach Gaelscoil, mar a luaigh mé, ach chomh maith leis sin, ionaid óige réigiúnacha agus náisiúnta chun gréasán comhphobal do dhaoine óga a chruthú ar fud na tíre.
No comments