Oireachtas Joint and Select Committees
Wednesday, 1 May 2024
Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community
Pleanáil Teanga Lasmuigh den Ghaeltacht: Plé
1:30 pm
Mr. Micheál Ó Mainín:
Gabhaim buíochas leis an gCathaoirleach agus na comhaltaí uilig ón gcomhchoiste as an gcuireadh freastail ar an gcruinniú seo. Is mór agam an deis teacht os comhair an chomhchoiste agus molaim an obair thábachtach atá ar bun acu.
Is mise Micheál John Ellen Ó Mainín agus oibrím le Gaeilge Locha Riach mar oifigeach pleanála teanga i mBaile Locha Riach in oirthear na Gaillimhe. Is eagraíocht dheonach í Gaeilge Locha Riach atá ar an bhfód beagnach 25 bliain. Thosaigh mise ag obair le Gaeilge Locha Riach mar oifigeach forbartha Gaeilge i mí Lúnasa 2022 agus thosaigh mé mo phost mar oifigeach pleanála teanga i mí Lúnasa anuraidh. Ba mhaith liom an deis seo a thapú aitheantas a thabhairt don obair atá déanta ag na baill agus na hiarbhaill de choiste Gaeilge Locha Riach, chomh maith leis na hiaroifigigh uilig agus an t-oifigeach forbartha reatha.
Mar oifigeach pleanála teanga, is é mo phost ná plean teanga Bhaile Locha Riach a chur i bhfeidhm. Chun an sprioc sin a bhaint amach, bím ag plé leis an naíonra áitiúil, na scoileanna áitiúla, scoláireachtaí Gaeltachta, an club leabhar, ranganna Gaeilge, gnóthaí áitiúla, an pobal, eagraíochtaí Gaeilge agus comhlachtaí Stáit. Bím ag riar na hoifige ó lá go lá is ag plé le féilte áitiúla agus bím ag eagrú imeachtaí Gaeilge go síoraí. Ar nós chuile oifigeach pleanála teanga eile, tá go leor dualgas eile orm chomh maith.
De réir an Dr. John Walsh, "despite the significant institutionalisation of Irish, disjointed policy and the marginalisation of the language within central government have had an ongoing negative impact on policy implementation throughout the decades". Mar sin, chuir sé imní orm nuair a léigh mé an ráiteas a rinne Aire Stáit na Gaeltachta nua, Thomas Byrne, in agallamh le Tuairisc.ie, ina ndúirt sé go bhfuil "an fhreagracht orainn go léir" agus go "gcaithfidh daoine freagracht a thógáil iad féin", ag cur freagracht as cur chun cinn na Gaeilge ar an duine aonair seachas ar an Stát agus ag leanúint ar aghaidh leis an imeallú den teanga ón rialtas lárnach. Tá sé imníoch freisin nach bhfuil tosach feidhme tugtha d’ailt 4, 5, 12, 13, 14 nó 16 d’Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2021, cé gur shínigh Uachtarán na hÉireann an tAcht ina dhlí ar an 22 Nollaig 2021, níos mó ná dhá bhliain ó shín. Ní hamháin é sin ach níl dáta deimhnithe do thosach feidhme na n-alt ag Roinn na Gaeltachta fós.
Tá imeallú na teanga agus polasaithe scaipthe le feiceáil sa chóras oideachas chomh maith. Níl aon chóras ag an Roinn Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige chun stádas oifigiúil a bhronnadh ar naíonraí mar chineál seirbhís ar leith. Chomh maith leis sin, tá an t-imeallú le feiceáil i mbeartas teanga atá ag an Roinn Oideachais faoi láthair maidir le díolúintí ó staidéar na Gaeilge ag leibhéal na hiar-bhunscoile agus sa chaoi is gur bhain siad an liúntas a bhíodh ar fáil dóibh siúd a bhí ag múineadh i scoileanna Gaeltachta agus lán-Ghaeilge.
Déanann an t-imeallú a bhealach anuas ón rialtas lárnach go dtí na comhlachtaí poiblí, agus tá a thionchar le feiceáil ar an gcaoi a chuireann na comhlachtaí poiblí reachtaíocht i bhfeidhm. Mar shampla, cuireann an Bord Oideachais agus Oiliúna na Gaillimhe agus Ros Comáin ceithre rang Gaeilge ar fáil idir Ghaillimh agus Ros Comáin. Bíonn trí cinn acu ar siúl i nGaeltacht Chonamara agus ceann amháin i gcathair na Gaillimhe. Níl siad ag tabhairt deis do dhaoine fásta in oirthear na Gaillimhe nó i Ros Comáin Gaeilge a fhoghlaim nó a gcuid scileanna Gaeilge a fheabhsú agus cáilíocht a bhaint amach sa teanga. Tá comharthaíocht ag Comhairle Chontae na Gaillimhe in áiteanna i mBaile Locha Riach atá i mBéarla amháin. Ní hamháin é sin, ach sa dréachtphlean forbartha a rinne an chomhairle chontae do Bhaile Locha Riach, ní raibh an Ghaeilge luaite in aon áit sa bplean in ainneoin go bhfuil stádas reachtúil ag Baile Locha Riach mar áit ina bhfuil líonra Gaeilge agus áit ina bhfuil plean teanga i bhfeidhm. Taobh istigh de bhliain amháin, chuir mé trí ghearán isteach leis an gCoimisinéir Teanga in aghaidh Uisce Éireann mar gheall gur rinne sé cumarsáid i scríbhinn i mBéarla amháin le pobal Bhaile Locha Riach chun faisnéis a thabhairt dóibh. Rinne mé fhéin taighde ar fheidhmiú Acht na dTeangacha Oifigiúla, 2003 agus ar fheidhmiú scéime teanga na hollscoile 2018-21 in Ollscoil na Gaillimhe sa bhliain 2020. Is léir nach raibh an ollscoil ag comhlíonadh na dualgais reachtúla is bunúsaí a bhí uirthi faoin Acht. In ainneoin gur thaispeáin an ollscoil a díograis i dtaobh na Gaeilge arís agus arís eile thar na blianta i mbeartais, scéimeanna agus straitéisí, bhí sé deacair glacadh leis go raibh an ollscoil dáiríre ina cuid cainte dearfacha faoin nGaeilge. Is í an imní atá orm ná go bhfuil sé seo ag tarlú i gcomhlachtaí poiblí eile chomh maith leis an Rialtas lárnach.
Is í fís phlean teanga Bhaile Locha Riach ná go mbeidh glúin ceannairí nua cumasacha ag teacht i bhfeighil ar phobal láidir na Gaeilge i mBaile Locha Riach agus is iad roghanna bun agus barr scéil an phleanáil teanga. Is é mo phost mar oifigeach pleanála teanga ná chun na roghanna sin a bhainistiú sa chaoi go bhfuil daoine ag roghnú na Gaeilge mar a dteanga labhartha, mar theanga oideachais a gcuid gasúir, agus mar an teanga a úsáideann siad chun a ngnó a dhéanamh le chuile sheirbhís atá ag an Rialtas.
Tá sé fíordhúshlánach é sin a dhéanamh gan thacaíocht cheart ó chuile leibhéal an Stáit.
No comments