Oireachtas Joint and Select Committees
Wednesday, 1 May 2024
Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community
Pleanáil Teanga Lasmuigh den Ghaeltacht: Plé
1:30 pm
Mr. Seán Ó Laoi:
A Chathaoirligh agus a chairde na páirte, táimse ag obair in Ionad na Gaeilge Labhartha i gColáiste na hOllscoile, Corcaigh. Is cathaoirleach mé ar Gael-Taca a bunaíodh in 1987. Is mór agamsa thar ceann Ghael-Taca a bheith anseo i dTeach Laighin inniu chun labhairt ar Ghael-Taca agus ar an bpleanáil teanga lasmuigh den Ghaeltacht.
Nuair a luaitear Gael-Taca le duine de ghnáth, luann siadsan Pádraig Ó Cuanacháin, beannacht Dé leis, agus an obair cheannródaíoch a dhein sé chun an Ghaeilge a chur chun cinn cois Laoi. Luaim ní hamháin an obair a dhein sé ó thaobh Ghael-Taca de, agus é ag iarraidh an lucht gnó a ghríosadh ó thaobh margaíochta agus fógraíochta de, ach freisin an obair a dhein sé ó thaobh chur chun cinn na Gaelscolaíochta i gCorcaigh agus ó cheann ceann na tíre. Mar sin, nuair a tháinig sé chun solais le déanaí nach raibh Roinn na Gaeltachta sásta maoiniú a thabhairt dúinn - dúirt an tAire Stáit ag an am, an Teachta Patrick O’Donovan, agus é ag freagairt ceisteanna ón Teachta Thomas Gould go raibh fadhb le rialachas Ghael-Taca - bhí an ghoimh orainn. Ní hamháin go raibh fearg orainn ach bhí díomá orainn leis. Ní haon saol na gcaorach é scéal Ghael-Taca le tamall anuas. Tá plean teangan chathair Chorcaí scríofa againne agus cuireadh a leithéid go dtí Foras na Gaeilge breis is dhá mhí ó shin. Táimid thar a bheith sásta gur dhein Gael-Taca a chion i gCorcaigh maidir le bheith áirithe mar bhaile seirbhíse Gaeltachta. Thug múinteoir óg, Katie Nic Gearailt, atá ag obair sa chathair, lámh chúnta nach beag dúinn sa mhéid sin.
Bhí ceangal ag Gael-Taca leis an nGaeltacht ón gcéad lá de bharr go raibh Pádraig Ó Cuanacháin ag obair d’Údarás na Gaeltachta tráth. Dúradh faoi, in alt mar fhógra báis:
As a cultural and language development officer for Munster, this brought him into contact with native Irish speakers ranging from Ring, Co. Waterford, to Cúil Aodha, Co. Cork, and the Gaeltachts of West Kerry.
Faoi mar a scríobh an Duinníneach faoi Shán Ó Cuív - nach raibh "aon Ghaeilgeoir in Éirinn dh’oibríonn leath chomh dícheallach le Shán Ó Cuív" - bhí a leithéid amhlaidh maidir leis an gCuanachánach. Dhein sé obair na gcapall i ndáiríribh. Maireann an chraobh ar an bhfál ach ní mhaireann an lámh do chuir, mar a déarfá. Ní hamháin san ach do bhíodh baint lárnach ag Gearóid Cheaist Ó Catháin ón mBlascaod agus ó Chorcaigh le Gael-Taca. Tá Gael-Taca an-mhórtasach as an gceangal tábhachtach sin leis an nGaeltacht. An dtuigeann Roinn na Gaeltachta go bhfuil sí agus an iarAire Stáit i ndiaidh cur as go mór dúinne, d’obair agus d’oidhreacht Ghael-Taca? N’fheadar. Tá dlúthcheangal ag Corcaigh leis an nGaeltacht, ní hamháin Gaeltachtaí Chorcaí ach le gach Gaeltacht go deimhin.
Is mian liom blaiseadh a thabhairt den oidhreacht agus den obair a bhaineann le Gael-Taca. Mar shampla, ó thaobh Chorcaigh na Gaeilge de, deir an Ríordánach, Seán Ó Ríordáin, sa dán "Saoirse" "rachaidh mé síos i measc na ndaoine". Nuair a théann tú i measc na ndaoine sa chathair i gCorcaigh, chífear boscaí lán le Gaeilge agus le seanfhocail. Is rud iontach é sin agus do bhí lámh ar leith ag Gael-Taca sa chúram sin. Tá tábhacht bainteach leo agus na seanfhocail chéanna le feiscint agus le sonrú i lár an aonaigh. Ceann acu is ea "ar scáth a chéile a mhaireann na daoine". Is féidir linn agus pobail eile tógáil air sin. Tá aitheantas nach beag tugtha ag an Soilse Mícheál D. Ó hUigínn do Ghael-Taca. Luaim a chuairt ar 22 Port Uí Shúilleabháin i gCorcaigh mar ócáid stairiúil i saol na Gaeilge cois Laoi. Tá blaiseadh anseo as aiste agus léifidh mé an cuid is mó de:
Tugadh chun cuimhne an éacht oibre a rinne an ghníomhaí teanga, Pádraig Ó Cuanacháin, le linn na hóráide sa Chaifé Cois Laoi Dé hAoine. Tá Gael-Taca, a thionscnaigh réabhlóid teanga i gContae Chorcaí ó na 1980í ar aghaidh, cúig bliain is fiche d’aois i mbliana agus ba é buaic na bliana ceiliúrtha cuairt a Shoilse, Uachtarán na hÉireann, ar an ionad atá suite cois abhann ar Ché Uí Shúilleabháin i lár na cathrach. Ba cheart do gach saoránach iarracht bhreise a dhéanamh ar son na Gaeilge: An tUachtarán 'Ní bheadh muid anseo in aon chor murach duine amháin a chuir a chroí agus a anam isteach i nGael-Taca,' dúirt an tUachtarán ina óráid. 'Bhí Pádraig ar duine de na chéad cheannródaithe a bhunaigh Gael-Taca agus b’fhear físiúil tionscnach é a chreid go láidir go raibh bá ag lucht gnó Chorcaí don Ghaeilge agus gurbh fhiú go mór iad a ghríosadh chun í a chur chun cinn ar shlite praiticiúla go laethúil.' Bhí Pádraig agus Gael-Taca lárnach i mbunú go leor Gaelscoileanna i gcathair agus i gContae Chorcaí agus tá barra agus fás ar an ngluaiseacht sa cheantar ó shin. Bhí an caidreamh a chothaigh Pádraig leis an lucht gnó agus an tacaíocht a fuair sé lárnach sa bhforbairt sin. Thréaslaigh an tUachtarán le gach a bhfuil déanta ag Pádraig Hamilton, Cathaoirleach Ghael-Taca, Adrian Breathnach, rúnaí an choiste, agus na baill eile go léir chun an Caifé a thabhairt ar an bhfód.
Táim cinnte go bhfuil ceangal ag cuid de na comhaltaí le Corcaigh i slí amháin nó slí eile. Luaim an tAire Stáit nua Gaeltachta, an Teachta Thomas Byrne, a dúirt in alt le Tuairisc.ie go mbeadh sé "ag cur Gaeltacht Chorcaí chun cinn agus é ina Aire Stáit toisc gur fhreastail sé ar choláiste Gaeilge ar Oileán Cléire agus é ina dhéagóir". Táim cinnte go mbeidh an tAire Stáit sásta cabhrú le Coláiste na Mumhan agus le Gael-Taca amach anseo.
Bhí áitreabh áiseach againne i gcaitheamh Covid-19 agus éacht ab ea é. Bhí mí-ádh orainn ar shlí gur chailleamar an áit bhreá a bhí againne i lár an aonaigh. Mar is eol do chách, tá géarghá le hionad Gaeilge a bheith i lár na cathrach cosúil leis an gceann a bhí againne cois Laoi. Is mó ionad cosúil leis an gcultúrlann i mBéal Feirste atá ar fáil do phobal na tíre agus do phobal na Gaeilge ó cheann ceann na tíre. Bhí ceann breá againne i gCorcaigh go dtí le fíordhéanaí. I measc na ndaoine a bhíodh againne mar chuairteoirí san ionad céanna, luaim Ronán Mac Aodha Bhuí, beannacht Dé leis, páistí scoile, scríbhneoirí, peileadóirí, Jimmy Barry-Murphy agus an Soilse Mícheál D. Ó hUigínn, gan trácht ar chúpla iománaí ar an gclaí. I ndiaidh dom labhairt le pobal na Gaeilge sa chathair, sa chontae, san ollscoil agus ar líne, dúradh liomsa mar chathaoirleach ar Ghael-Taca gur cheart dúinne leanúint orainn. Nuair a tháinig sé chun solais go rabhamar gan áitreabh, chuamar i ngleic leis. Tá Gael-Taca ann i gcónaí agus nílimid chun bogadh puinn. Is mór an náire an méid a dúradh sa Dáil fúinn le déanaí. Ní rabhamar riamh i bhfiacha puinn agus ní raibh aon fhadhb le rialachas ón uair gur chuaigh coiste Ghael-Taca i ngleic leis sin. Ní raibh i gceist ach costais. Láidríodh Gael-Taca agus bhí dearcadh eile ag duine den cheathrar a chabhraigh linn. Is é sin an saol: thuas seal, thíos seal. Bhí fadhb amháin a bhain le Gael-Taca tamall siar agus measaim gur cheart béim a chur air sin. Socraíodh a leithéid agus b’shin sin.
Mar chuid den ráiteas tosaigh agam thar ceann Ghael-Taca, braithim gur cheart dúinne bheith cáiréiseach. Luaigh an t-iarAire Stáit sa Dáil go raibh an Roinn i mbun cainteanna le Foras na Gaeilge maidir le heagraíocht eile sa “geographical area” a thabhairt isteach. Táimidne ar fad dall ar na pleananna eile a bhaineann le Corcaigh na Gaeilge dar le ráiteas an Aire Stáit:
The Deputy should be aware that my officials are currently engaging with another organisation in the geographical area concerned with a view to providing services to the Irish language community therein. The Department is confident that an agreement can be reached in this regard within the short to medium term.
Níl sé seo soiléir dúinne ach tá sé doiléir go maith mar a dhéarfá. Má thagann dream eile chun na cathrach, an mbeidh orainn seasamh siar agus sinne sa bhearna bhaoil ó 1987? Ní dóigh liom é. Cad atá i gceist ag an Aire nó ag an Roinn? Nár cheart dóibh siúd a bheith ag cabhrú linn? Ba bhreá liom dá mbeadh an treoir, an tacaíocht agus an chabhair a fhaigheann dreamanna eile le fáil againne i gCorcaigh ó thaobh Gael-Taca de. Tá tábhacht nach beag bainteach le hoidhreacht Ghael-Taca. Is mian liom an méid seo a léiriú anseo: tá cairde againne, tá teacht againne ar phobal na Gaeilge sa chathair agus tá tionchar nach beag ag Gael-Taca i gcónaí. Táimid tar éis lámh chúnta a thabhairt do na cumainn Ghaeilge san ollscoil i gCorcaigh agus thugamar tacaíocht don chomórtas amhránaíochta i gcuimhne ar Chiarán Ó Con Cheanainn in Áras na Gaeilge sa Ghaillimh le déanaí. Bhíomar bainteach le mórshiúl Lá Fhéile Pádraig i gCorcaigh, gan trácht ar imeachtaí Gaeilge a eagrú ó cheann ceann na cathrach cosúil le ciorcail comhrá agus tráth na gceist, mar aon le himeachtaí a eagrú do leabharlann na cathrach go rialta agus ócáidí do Sheachtain na Gaeilge. Is léir go bhfuil pocán gabhair Ghael-Taca i lár an aonaigh.
Is cuntas atá san amlíne atá curtha ar fáil agam don chomhchoite ar an mhéid ar tharla ó 2016 i leith a léiríonn moilleadóireacht Roinn na Gaeltachta agus Foras na Gaeilge a fhágann Gael-Taca gan an tacaíocht chuí, rud a fhéadfadh bheith ina buille báis d‘aon ghluaiseacht Ghaeilge i gCorcaigh. Maireann Gael-Taca in ainneoin easpa cabhrach Roinn na Gaeltachta agus Foras na Gaeilge, glaochanna guthán agus litreacha gan freagairt agus neamhaird ar mhaoiniú um Gael-Taca agus ar phlean teanga chathair Chorcaí nár tugadh freagra dearfach nó diúltach dó. Is mór an scannal é seo go léir agus masla do laochra Ghael-Taca atá dílis dá gcathair agus don idéal Éire Ghaelach. Do bhíodh beirt ag obair do Ghael-Taca tráth ar bhonn lánaimseartha, duine acu ar bhonn sinsearach agus duine eile ar bhonn sóisearach. Níl uainn faoi láthair ach bainisteoir agus oifig nó seomra seachas áitreabh buan sainiúil. Sa bhliain 2021, dhein Gael-Taca iarracht ar bhlaiseadh de shaol na Gaeltachta a thabhairt do mhuintir na cathrach agus bhí dealramh leis sin agus tréimhse Covid faoi lán tseoil ann ag an am. Ní hamháin sin ach bhí an deis ag scoil amháin bualadh le Gearóid Cheaist Ó Catháin ón mBlascaod agus Barra Ó Caoimh i gcaitheamh na tréimhse sin. Is ait an rud é ach leanadh leis an gciorcal cainte i gcaitheamh Covid-19; an ciorcal is mó i gCorcaigh, b’fhéidir.
Pleanáil teanga lasmuigh den Ghaeltacht is ainm don seisiún seo den chomhchoiste. Mar sin, tá plean teanga chathair Chorcaí scríofa ag Gael-Taca agus tá sé curtha go Foras na Gaeilge. Táimidne ag feitheamh go foighneach le dhá mhí maidir le roinnt aiseolais agus sinn ag súil le leasuithe uathu. Maidir le deacrachtaí idir 2019 agus 2024, is cóir go mbeadh aitheantas ag Corcaigh láithreach mar bhaile seribhíse Gaeltachta, nó mar líonra fiú. Ina theannta san, bíodh is go raibh deacrachtaí éagsúla sa tslí ar éirigh le Gael-Taca an bhó a chur thar abhainn sa tslí go bhfuil an cháipéis sin ag Foras na Gaeilge anois. É sin ráite, muna bhfuil maoiniú againne ó Roinn na Gaeltachta, an bhfuil ceist eile ansin maidir le Foras na Gaeilge? Tá cuireadh faighte agam thar ceann Ghael-Taca inniu ach is léir gur cheart dom an cheist a chur anois; cá bhfuil an lámh chúnta atá uainn? Dúirt an Cathaoirleach ag criunniú den choiste seo sa Ghaillimh ar an 8 Márta 2024 go bhfuil "toghcháin os ár gcomhair agus mar sin, measaim go mbeidh a lán Smarties le tabhairt amach". Tá na Smarties céanna ar iarraidh cois Laoi ach nárbh fada go mbeidh roinnt Smarties ar bhaschrann an dorais de chuid Ghael-Taca in éineacht le subh milis, le cúnamh Dé.
Chun clabhsúr a chur ar m’aitheasc, déanaim tagairt don méid a thug an tAire, an Teachta Catherine Martin, le fios do Tuairisc.ie ar an 22 Feabhra maidir le lárionad Gaeilge a bheith cois Laoi:
Tá ráite ag Aire na Gaeltachta Catherine Martin go bhféadfaí a leithéid de thogra a fhorbairt sa chathair agus go bpléifidh sí an scéal le hoifigigh na Roinne.
Gabhaim buíochas leis an gCathaoirleach agus le cairde na páirte thar ceann Ghael-Taca. Cuimhníonn muid ar chara an-mhór de chuid Ghael-Taca, Rónán Mac Aodha Bhuí. Dorn san aer.
No comments