Oireachtas Joint and Select Committees
Wednesday, 24 April 2024
Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community
Éileamh don Ghaelscolaíocht: Plé
Mr. Caoimh?n ? hEaghra:
Is cúis áthais dom labhairt leis an gcomhchoiste ar son an Fhorais Phátrúnachta, an pátrún is mó ar scoileanna lán-Ghaeilge sa tír. Má bhreathnaítear ar an méid atá scríofa i leith na Gaelscolaíochta sa chlár Rialtais agus ag an Stát ina bpolasaithe agus ina straitéisí, feictear go bhfuil go leor ann atá dearfach maidir le fás na Gaelscolaíochta. Sa chlár Rialtais, tá na spriocanna ann “líon na ndaoine óga atá i scoileanna Gaeilge a dhúbailt” agus “Gaelscoileanna agus Gaelcholáistí a chur ar fáil, áit a bhfuil éileamh mór ann.” Tá na spriocanna seo ar aon dul le spriocanna an Stáit sa straitéis 20 bliain don Ghaeilge, an tAcht Oideachais agus araile. Ach faraor, a mhalairt ar fad atá ag titim amach.
D’fhoilsigh an Roinn Oideachais le déanaí na táscairí oideachais d’Éirinn 2023. Léirítear nach raibh aon fhás ar chéatadán na ndaltaí a fhaigheann a gcuid oideachais trí Ghaeilge ó 2018 go 2022. Ba thitim a bhí ann in 2023. Ag leibhéal na bunscoile, thit céatadán na ndaltaí ó 8.1% go dtí 8.0% idir na scoilbhlianta 2020-21 agus 2022-23 agus thit líon na scoileanna ó 252 go 249. Thit na céatadáin ó 3.7% go dtí 3.5% ag leibhéal na hiarbhunscoile le linn na tréimhse céanna agus d’fhan líon na meánscoileanna lán-Ghaeilge ag 50. Is mór an bhearna idir 3.5% agus an 20% d’earcaigh le Gaeilge don státchóras. Tugann na figiúirí seo bunphointe eile le fios; tá bearna mhór ann i gcónaí idir an sciar daltaí sa Ghaelscolaíocht ag an mbunleibhéal agus ag an meánleibhéal.
Tá an t-éileamh ar an nGaelscolaíocht soiléir. Is féidir breathnú ar an gcomhairliúchán don pholasaí don oideachas lán-Ghaeilge, taighde an ESRI, taighde Chonradh na Gaeilge nó an líon tuismitheoirí a vótáil ar son oideachas lán-Ghaeilge sna comórtais phátrúnachta ó 2012 go 2021. Bíonn an chonclúid chéanna ann i gcónaí. Tá an bhearna idir an soláthar agus an t-éileamh ag dul i méid.
Is é an fhadhb atá ann ag an leibhéal is bunúsaí ar fad ná nach bhfuil aon phróiseas ann chun scoil lán-Ghaeilge a bhunú. Mar gheall ar sheasamh an Stáit, tá sé dodhéanta anois an bhearna idir sholáthar agus éileamh a líonadh ach ní mar sin a bhí sé i gcónaí, mar is eol do na baill. Ag breathnú siar roimh an gcúlú eacnamaíochta deiridh, bhí pobal ar bith in ann coiste a eagrú, daltaí a bhailiú agus scoil a oscailt. Thabharfadh an Stát tacaíochtaí áirithe sula mbeadh aitheantas iomlán faighte ag an scoil. Is ar an mbunús sin a bhí an Ghaelscolaíocht ag bláthú go dtí an cúlú eacnamaíochta.
Tugadh comórtais phátrúnachta isteach ó 2012 go dtí 2021 agus bhí bunú scoileanna teoranta do cheantair ina raibh easpa áiteanna scoile iontu a bhí aitheanta ag an Roinn. Bhí deis éigin ann leis seo scoileanna lán-Ghaeilge a bhunú. Bhí fadhbanna go leor leis an bpróiseas sin, mar shampla, an mionlach ar son oideachas lán-Ghaeilge a bheith in iomaíocht leis an móramh don oideachas trí Bhéarla i measc fadhbanna eile. Bhí orainn san Fhoras Pátrúnachta dúshlán a chur roimh chinntí na nAirí agus na Roinne tríd an gCoimisinéir Teanga agus san Ard-Chúirt. Ní bheadh tabhairt ar ais an chórais sin le moladh. Shocraigh an Roinn in 2022 deireadh a chur leis na comórtais phátrúnachta. Chomh maith leis sin, shocraigh sí stop a chur le bunú scoileanna nua, fiú na scoileanna a bhí fógartha aici roimhe sin. Mar sin, níl bealach ar bith ann chun bunscoil ná meánscoil d’aon chineál a bhunú. Ina áit, tá sé i gceist ag an Roinn scoileanna reatha a fhás, más gá. Mar go bhfuil easpa scoileanna lán-Ghaeilge ann sa chéad dul síos, cruthaíonn seasamh na Roinne go mbeidh na scoileanna meán-Bhéarla thuas leis agus go mbeidh an Ghaelscolaíocht thíos leis.
Tá ag teip ar an Rialtas a spriocanna féin agus polasaithe an Stáit a bhaint amach. Cad as a thiocfaidh an 20% d'earcaithe nua sa státchóras, dlí de chuid an Rialtais féin, go háirithe nuair is titim seachas fás atá ar an líon daltaí sa Ghaelscolaíocht? Cruthaíonn dlíthe mar é deiseanna do dhaoine ina ngairm ach tá an Stát ag ceilt na deise seo ar dhaltaí timpeall na tíre toisc nach bhfuil teacht acu ar oideachas trí Ghaeilge. Is neamhaird den chuid is mó a dhéanann oifigigh na Roinne agus an tAire Oideachais ar iarrachtaí na bpobal Gaelcholáiste a bhunú. Mar shampla, níl aon fhreagra faighte againn ar an iarratas chun Gaelcholáiste nua a bhunú i gCaisleán an Bharraigh.
Sna ráitis uilig a bheidh déanta leis an gcoiste inniu, tabharfaidh na baill faoi deara go bhfuil na fadhbanna céanna ann ó áit go háit agus nach bhfuil aon rud á éileamh atá taobh amuigh de pholasaí an Stáit agus den chlár Rialtais. Mar sin, molann an Foras Patrúnachta próiseas chun scoileanna lán-Ghaeilge a bhunú a thabhairt isteach. Cruthaíonn cur i bhfeidhm an pholasaí don oideachas lán-Ghaeilge deis é seo a dhéanamh go córasach agus is ceart go mbeadh sé mar chuid den pholasaí sin. Molaimid freisin go mbeadh ceart ag duine ar oideachas lán-Ghaeilge, ceart go bhféadfaí a chosaint. Molaimid go dtabharfar isteach dualgas reachtúil maidir leis an líon scoileanna a ardú. Tugann an clár Rialtais agus spriocanna an Stáit bunús leis na cinntí seo a ghlacadh agus fás na Gaelscolaíochta a thabhairt ar ais. Gabhaim buíochas leis an gcoiste.
No comments