Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 24 April 2024

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Éileamh don Ghaelscolaíocht: Plé

Ms Paula Melvin:

Thar ceann Chonradh na Gaeilge, gabhaim buíochas mór leis an gcoiste as ucht an deis a bheith anseo inniu in éineacht lenár gcomhghleacaithe ón bhForas Pátrúnachta agus ó Ghaeloideachas le “Éileamh don Ghaelscolaíocht nach bhfuil á shásamh ag an Stát” a phlé.

Ar an drochuair, ní haon rud nua é nach bhfuil an Stát ag freastal go sásúil ar an éileamh atá sa phobal d’oideachas trí mheán na Gaeilge dá bpáistí. Cuid mhaith den am nuair a bunaíodh Gaelscoil nó Gaelcholáiste nua thar na blianta, tharla sé mar gheall ar bhrú ón bpobal agus go minic in ainneoin iarrachtaí an Stáit gan na Gaelscoileanna nó na Gaelcholáistí céanna a aithint. Cé go bhfuil polaiteoirí éagsúla, polaiteoirí sa seomra seo ina measc, tar éis cabhrú le haitheantas a bhaint amach do Ghaelscoileanna éagsúla thar na blianta - tá ardmholadh ag dul dóibh as ucht na tacaíochta leanúnaí sin - tá teipthe ar an Rialtas agus ar rialtas i ndiaidh rialtais eile tosaíocht a dhéanamh de bhunú Gaelscoileanna ar bhonn pleanáilte agus an tacaíocht agus na hacmhainní cuí a chur ar fáil.

Nuair a thosaigh an Rialtas reatha, shíl muid go raibh athrú le teacht air seo agus go raibh sé chun feidhmiú le huaillmhian chun Gaelscoileanna agus Gaelcholáistí nua a chur ar bun le héileamh tuismitheoirí agus daltaí fud fad na tíre a shásamh.

Bhí sin le tuiscint ón méid a gheall an Rialtas ina chlár Rialtais fhéin, go n-oibreodh an Rialtas i dtreo líon na ndaoine óga atá i scoileanna Gaeilge faoi láthair a dhúbailt is go gcuirfeadh an Rialtas Gaelscoileanna agus Gaelcholáistí ar fáil áit a bhfuil éileamh mór ann dóibh. Bhí na gealltanais seo ag teacht go maith leis na gealltanais atá san áireamh i ráiteas an Rialtais i leith na Gaeilge 2006 agus a luadh chomh maith sa Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030:

Cuirfear oideachas lán-Ghaeilge ar ardchaighdeán ar fáil do dhaltaí scoile arb é mian a dtuismitheoirí nó a gcaomhnóirí é. Leanfar leis an tacaíocht do ghaelscoileanna ag leibhéal na bunscoile agus déanfar forbairt ar sholáthar lán-Ghaeilge ag leibhéal na hiarbhunscoile chun freastal ar éileamh de réir mar is gá.

Tá tábhacht nach beag ag na gealltanais seo i ráiteas an Rialtais i 2006 mar gurbh é Fianna Fáil a bhí sa Rialtas ag an am agus a thug na gealltanais ag an bpointe sin agus, dar ndóigh, tá an tAire Oideachais reatha i bhFianna Fáil chomh maith agus tá an deis tar éis a bheith aici na gealltanais ó 2006 agus sa chlár Rialtais reatha a chur i gcríoch. Faraor, níl an Rialtas reatha tar éis gníomhú ar a chlár Rialtais féin agus freastail ar an éileamh sa phobal don Ghaeloideachas. Tá an líon daltaí i nGaelscoileanna agus i nGaelcholáistí tar éis titim, mar a luaigh Caoimhín Ó hEaghra, ó 48,518 dalta i nGaelscoileanna agus Gaelcholáistí lasmuigh den Ghaeltacht sa bhliain acadúil 2019-2020 go 46,933 dalta sa bhliain acadúil 2023-2024. Is ionann sin agus titim 3% agus caithfear sin a chur i gcomhthéacs gealltanas an Rialtais le líon na ndaoine óga atá i scoileanna Gaeilge faoi láthair a dhúbailt.

Dar ndóigh, tá an-éileamh sa phobal don Ghaeloideachas agus creidtear go forleathan gur chóir go mbeadh an rogha ag tuismitheoirí a bpáistí a chur chuig Gaelscoil nó Gaelcholáiste más mian leo sin. Tá fianaise de seo i suirbhéanna neamhspleách a choimisiúnaigh Conradh na Gaeilge le Kantar in 2018 agus Ireland Thinks in 2023 nuair a dúirt 78% de na daoine a ghlac páirt sa suirbhé go bhfuil sé de cheart ag gach páiste Gaeloideachas a bheith ar fáil dóibh más sin a rogha. Ní raibh ach 7% in éadan an méid seo. Dúirt 73% de na daoine a ghlac páirt sa suirbhé gur chóir go mbeadh deis ag gach páiste a fhaigheann a cuid oideachais bunscoile trí Ghaeilge leanúint lena oideachas iarbhunscoile trí Ghaeilge. Ní raibh ach 9% in éadan an méid seo. Dúirt nach mór 50% de na daoine a ghlac páirt sa suirbhé go roghnóidís scoil a mhúineann trí mheán na Gaeilge dá mbeadh sí ar fáil ina gceantair. Ní raibh ach 25% i gcoinne seo.

Ní féidir leis an Roinn Oideachais a rá nach raibh nó nach bhfuil éileamh ann do Ghaelscoileanna nó Gaelcholáistí nua ó a thosaigh an Rialtas reatha i 2020. Léiríonn an taighde maidir le mian an phobail don Ghaeloideachas luaite roimhe seo an t-éileamh náisiúnta atá ann don Ghaeloideachas. Ag leibhéal áitiúil i gcás an éileamh do Ghaelcholáistí, mar shampla, tá ocht bhfeachtas i gceantair éagsúla fud fad na tíre ag léiriú éileamh do Ghaelcholáistí neamhspleácha dá bpáistí faoi láthair. Tá an feachtas do Ghaelcholáiste i mBaile Átha Cliath 2, 4, 6 agus 8 i ndiaidh a bheith ag agóidíocht lasmuigh de Theach Laighean agus den Roinn Oideachas go rialta le nach mór trí bliana anuas ag léiriú an éileamh phráinneach do Ghaelcholáiste ina scoilcheantar fhéin. Níl an Rialtas reatha, áfach, i ndiaidh aon Ghaelcholáiste a cheadú d’aon cheann de na ceantair seo.

Níl an Rialtas ag gníomhú mar sin, inár dtuairim, ar a sprioc féin leis an líon daoine óga atá i scoileanna Gaeilge faoi láthair a dhúbailt. Baineadh úsáid as an leithscéal le déanaí go bhfuil polasaí á fhorbairt do scoileanna a fheidhmíonn trí mheán na Gaeilge lasmuigh den Ghaeltacht faoi láthair agus go mbeidh an polasaí sin ag déileáil le soláthar Gaelscoileanna nua. Creideann muid go bhfuil an leithscéal sin ag seachaint cinntí gur féidir leis an Roinn Oideachais a ghlacadh anois le Gaelcholáistí agus Gaelscoileanna nua a bhunú agus gur cleas é, ar nós cleasa eile a úsáideadh thar na blianta, leis an éileamh léirithe ag tuismitheoirí a chur ar an méar fhada.

Ba chóir gníomhú ar an éileamh sa phobal don Ghaeloideachas gan a thuilleadh moille, go háirithe an éileamh léirithe ag an ocht bhfeachtas luaite roimhe seo do Ghaelcholáistí ina gceantar. Is féidir an polasaí don Ghaeloideachas a fhorbairt go comhthreomhar, ach níor chóir go mbeadh moill nó leithscéal gan Gaelscoileanna nó Gaelcholáistí a bhunú idir an dá linn. Is fiú a nótáil maidir leis na polasaithe atá á fhorbairt don Ghaeloideachas lasmuigh den Ghaeltacht, gurbh é an t-iarAire Oideachas, an Teachta Joe McHugh, a gheall an polasaí seo don chéad uair ar 30 Nollaig 2019. Táimid breis is ceithre bliana ar aghaidh anois agus fós ag fanacht ar an bpolasaí céanna. Níor chóir go mbeadh daltaí agus tuismitheoirí fud fad na tíre thíos leis ó thaobh rochtain ar Ghaelscoil nó Gaelcholáiste toisc nach bhfuil an Rialtas seo tar éis a pholasaí fhéin a fhorbairt go fóill.

B’fhiú do Rialtas na hÉireann taithí, coimitmint agus dea-shampla Rialtas na Breataine Bige a thógáil san áireamh maidir le bunú scoileanna nua a fheidhmíonn trí mheán na Breatnaise. Tá an roinn oideachais sa Bhreatain Bheag ag iarraidh an líon daltaí atá ag freastail ar oideachas trí mheán na Breatnaise a mhéadú ó 23% go 40% faoi 2050. Tá uaillmhian ag baint leis an sprioc intomhaiste seo agus tá gníomhartha bainteach léi chomh maith, ar nós nuair a d’fhógair an Rialtas céanna i 2022 go mbunófar 23 scoil nua ag feidhmiú trí mheán na Breatnaise agus go gcuirfear leis an líon soláthar i 25 scoil eile mar thús den chur chuige leis an 40% a bhaint amach. Ba cheart go mbeadh spriocanna uaillmhianacha intomhaiste le hacmhainní curtha taobh thiar dóibh ag Rialtas na hÉireann chomh maith.

Breis is 100 bliain ar aghaidh ó a bunaíodh an Stát ó dheas, nach mór an náire náisiúnta é nach bhfuil ach 6.7% de dhaltaí bunscoile sa dlínse seo ag freastail ar bhunscoileanna ag feidhmiú trí mheán na Gaeilge lasmuigh den Ghaeltacht agus 2.6% de dhaltaí iarbhunscoile ag freastail ar iarbhunscoileanna atá ag feidhmiú trí mheán na Gaeilge lasmuigh den Ghaeltacht, in ainneoin spéis an phobail sa Ghaelscolaíocht. Ba chóir seo a chur ina cheart gan a thuilleadh moille agus, chuige seo, tá roinnt moltaí againn don chomhchoiste don tuarascáil atá sé ag cur le chéile ar an ábhar ríthábhachtach seo. Molaimid go n-éileodh an Comhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge ar an Aire Oideachais, an Teachta Norma Foley, cinneadh a dhéanamh láithreach bonn le Gaelcholáiste nua a bhunú faoi dlús i ngach ceann den ocht gceantar seo a leanas: Cathair Bhaile Átha Cliath, le bheith socraithe i mBaile Átha Cliath 2, 4, 6 agus 8; deisceart Bhaile Átha Cliath thart ar Choill na Silíní; tuaisceart Bhaile Átha Cliath thart ar Fionnbhrú i mBaile Átha Cliath 9; Contae Átha Cliath thart ar Sord: Contae Maigh Eo i gCaisleán an Bharraigh; iarthar Chorcaí thart ar Droichead na Bandan; lár tíre thart ar Thulach Mhór; agus oirdheisceart na Mí thart ar Chill Dhéagláin. Molaimid chomh maith go n-éileodh an Comhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge ar an Aire Oideachais, an Teachta Norma Foley, go mbeadh sprioc uaillmhianach intomhaiste sa pholasaí nua don oideachas trí mheán na Gaeilge lasmuigh den Ghaeltacht atá á chur le chéile ag an Roinn Oideachais faoi láthair go mbeadh ar a laghad 20% de dhaltaí ag freastail ar oideachas trí mheán na Gaeilge i nGaelscoil nó i nGaelcholáiste neamhspleách laistigh de 20 bliain. Dar ndóigh, bheadh an pleanáil cuí le déanamh leis na nithe seo a leanas tógtha san áireamh ann: soláthar múinteoirí, soláthar infreastruchtúr fisiciúil, athrú scoileanna ó scoileanna a fheidhmíonn trí Bhéarla go scoileanna a fheidhmíonn trí mheán na Gaeilge, méadú ar an bpáirt-tumadh Gaeilge go gach bunscoil, agus neart eile.

Go raibh míle maith ag na baill as éisteacht liom agus as an tacaíocht leanúnach ríthábhachtach a thugann siad don Ghaeilge agus don Ghaeltacht.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.