Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 17 April 2024

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Taithí Oibre agus Intéirneachtaí do Chéimithe Tríú Leibhéal i TG4 - Féidearthachtaí agus Deiseanna: TG4

Mr. Trevor ? Clochartaigh:

Ardaíonn an méid a luaigh an Seanadóir rud níos leithne maidir le cur chuige TG4 ón gcéad lá riamh. Fiú ó thaobh an lucht féachana, d'aithin TG4 ón tús go raibh an croílucht féachana an-tábhachtach. Is é sin an dream a labhraíonn an Ghaeilge gach lá den tseachtain agus atá ag súil go mbeidh cláir nuachta, na sobaldrámaí agus cláir faisnéise le hardchaighdeán Gaeilge ann. Tá sé seo fíorthábhachtach ach d'aithin muid freisin go raibh go leor daoine a raibh roinnt Gaeilge acu a bhí ag iarraidh cláir spóirt, cláir shiamsaíochta agus cláir cheoil. Táimid ag déanamh iarracht na daoine sin a mhealladh chugainn. Léiríonn sé sin an tsúil eile.

Luaigh an Seanadóir rud eile agus is cloch mhór ar ár bpaidrín i mbliana é. Tá formhór na gcomhlachtaí a bhfuil muid ag obair leo lonnaithe taobh amuigh de Bhaile Átha Cliath. Táimid ag cruthú fostaíochta sna réigiúin. Ó thaobh na hionadaíochta atá anseo, tá duine amháin as Baile Átha Cliath mar intéirneach i mbliana. Léiríonn an chuid eile an scaipeadh tíreolaíochta ó thaobh daoine a bhfuil spéis acu sa Ghaeilge atá tagtha chun cinn. Léiríonn sé an cur chuige uile-oileánda atá ag TG4 chomh maith. Breathnaíonn muid ar an oileán ina iomláine ó thaobh na Gaeilge de.

Luaigh an Seanadóir nuacht agus an chaoi ina dtugtar aird faoi leith ar scéalta ó thaobh amuigh de Bhaile Átha Cliath nó taobh amuigh den dioscúrsa náisiúnta a bhíonn ag craoltóirí eile. Is rud mór ag TG4 é go ndearna an Coimisiún um Thodhchaí na Meán moladh go mbeadh neamhspleáchas nuachta ag TG4. Níl sé sin bainte amach againn. Táimid ag iarraidh é a bhaint amach. Tá plé ar siúl le Coimisiún na Meán faoi láthair. Beidh sé fíorthábhachtach. Tiocfaidh sé sin anuas go dtí ceist pholaitiúil. Beidh plé sna Tithe seo air sin. Dá mbeadh an tacaíocht sin ann, b'fhéidir linn an t-iolrachas sin a thabhairt ó thaobh cúrsaí nuachta, bheadh na hacmhainní againn chuige sin agus bheadh deis againn déanamh cinnte go bhfuil an tsúil eile sin ann ó thaobh na nuachta agus na gclár chomh maith céanna. Dar linne, tá sé sin fíorthábhachtach. Is é sin an dearcadh a bhí ag TG4 agus an fhealsúnacht atá taobh thiar dó. Tá ár gceannáras lonnaithe san iarthar ach tá na comhlachtaí sna réigiúin éagsúla ag fostú daoine áitiúla, ag coinneáil na bpobal sin beo agus ag spreagadh daoine eile cosúil leis an dream iontach atá anseo linn teacht chun cinn agus teacht ag obair linn.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.