Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 17 April 2024

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Taithí Oibre agus Intéirneachtaí do Chéimithe Tríú Leibhéal i TG4 - Féidearthachtaí agus Deiseanna: TG4

Ms ?ine Lally:

Is é bun agus barr an scéil ná go bhfuil siad ann le bheith ag foghlaim. Tá siad ag foghlaim don bhliain uilig. Réitíonn an taobh eile den bhliain, amach i dtreo dheireadh Lúnasa nó Meán Fómhair, le dul amach sa saol leis na scileanna seo ar fad. Níl deireadh leis an gcuid scileanna a bhíonn acu. Beidh chuile dhuine de na hintéirnigh anseo ag cuidiú ag gradam ceoil TG4. B'fhéidir go mbeidh an príomhról ag an intéirneach ceoil. Tá LGFA cúig bliana ar an bhfód. Táimid fite fuaite go mór leis sin. Beidh Oisín Ó Conaill chun tosaigh ansin i dtaobh cúrsaí meán sóisialta agus ag cur LGFA, TG4 agus peil na mban chun cinn ón taobh sin de. Tá siad ag fáil na deiseanna seo chun go mbeidh siad réidh le dul amach san earnáil. Cibé cosán atá siad ag iarraidh tabhairt faoi nuair a fhágann siad TG4, beidh siad breá ábalta dó, má tá poist ag dul in aon áit ag deireadh Lúnasa nó Meán Fómhair agus muna bhfuil muid in ann greim a fháil orthu. Cuirfidh formhór acu isteach ar phoist i TG4, mar a rinne leithéidí Rút Ní Theimhneáin agus Risteárd Ó hAodha. Is as Cathair na Mart i gContae Mhaigh Eo é Risteárd agus bhí sé mar intéirneach ceoil againn anuraidh. Chuir sé isteach ar phost mar fhorbróir bogearraí. Tá an post sin faighte aige agus tá sé ar ais arís. Tarlaíonn rudaí ar an gcaoi sin. Bíonn deiseanna ann tríd an scéim intéirneachta seo. I mí na Bealtaine, an mhí seo chugainn, beidh muid ag fógairt arís go bhfuil na scéimeanna seo ag teacht aníos. B'fhéidir go mbeidh ochtar intéirneach nua os comhair an choiste an t-am seo an bhliain seo chugainn agus b'fhéidir go mbeidh daoine eile fostaithe againn in TG4 faoin tráth sin. Maidir leis an gcéad phointe a bhí ag an Seanadóir, a bhain le cúrsaí gramadaí agus barr feabhais a chur ar an nGaeilge, tá sé sin idir lámha chuile lá i TG4.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.