Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 17 April 2024

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Taithí Oibre agus Intéirneachtaí do Chéimithe Tríú Leibhéal i TG4 - Féidearthachtaí agus Deiseanna: TG4

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein) | Oireachtas source

Tá ceist amháin agam. Ní dóigh liom go mbeidh na finnéithe in ann é a fhreagairt. In ainneoin sin, ba mhaith liom a rá, mar atáim tar éis a rá aon uair a bhí dream ó TG4 os ár gcomhair, go bhfuil éacht á dhéanamh. Tá éacht á dhéanamh. Is bealach eile chun an t-éacht sin a léiriú ná an dream atá os ár gcomhair inniu. Gabhaimid buíochas leo as teacht os ár gcomhair agus a smaointe a roinnt linn. Thug sé léiriú dúinn go bhfuil todhchaí ann. Uaireanta, ní thuigeann muid an tionchar a bhíonn againn agus tá tionchar as cuimse ag TG4 ó bunaíodh é. Beidh muid in ann é sin a fheiscint sna glúinte atá romhainn. Táimid á fheiscint os ár gcomhair inniu. Tá sé iontach go bhfuil daoine ag teacht nár fhreastail ar scoileanna Gaeilge. Bhí roinnt ar scoileanna Gaeilge ach tá easpa ollmhór cúrsaí ollscoile. Tá an coiste chun déileáil leis sin. Luadh an titim maidir le daoine ag teacht ó bhunscoil Ghaeilge, Gaelscoil, ar aghaidh go dtí an meánscoil. Tá teip iomlán ó thaobh na gcúrsaí atá ar fáil. Thuigfeadh TG4 é sin níos mó ná mise mar níl mise ag fostú daoine. Ní féidir innealtóir atá tar éis cúrsa a dhéanamh trí Ghaeilge a fháil. B'fhéidir go mbeifear in ann innealtóir le Gaeilge a fháil ach bheadh air nó uirthi athrú go dtí an Béarla san ollscoil tar éis na meánscoile. Is ualach breise é sin. Is léiriú ar rud éigin go bhfuil daoine le Gaeilge sásta an íobairt bhreise sin a dhéanamh, mar is é sin atá ann. Is mar sin a bhí cúrsaí don chuid is mó go dtí seo.

Luaigh duine éigin go raibh daoine ag dul tríd an gcóras oideachais agus ag féachaint ar na háiteanna ina mbeadh poist le fáil. Is sa mhúinteoireacht agus in áiteanna áirithe sa státseirbhís a bheadh siad. Má tá an t-ádh leat, b'fhéidir go mbeidh post ann sa Gharda Síochána. Táimid ag súil go mbeidh bealach eile ann le hAcht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2021 a bhfuilimid tar éis bliain iomlán ag déileáil leis. Táimid ag súil go mbeidh 20% dóibh siúd a earcófar don státchóras ina iomláine amach anseo a bheith líofa sa Ghaeilge. Chun go n-earcófar iad sna poist chuí, caithfidh na cúrsaí a bheith ann. Táimid chun díriú isteach air sin, conas is féidir linn déanamh cinnte de, leis na hollscoileanna agus leis an Aire Oideachais. Táimid tar éis cloisteáil faoi na scileanna ar leith. Níl cúrsaí trí Ghaeilge sna hollscoileanna ó thaobh roinnt acu. Cuirfimid é sin ar aghaidh nuair atáimid ag labhairt leis an Aire Oideachais agus leis an gcoiste comhairleach atá ag déanamh cinntí i mí an Mheithimh maidir leis an gcur chuige i leith an 20% a shroicheadh.

Tá súil againn go mbeidh an tAire Oideachais os ár gcomhair i mí an Mheithimh. Tá a lán ceisteanna againn di. Baineann ceann amháin de na ceisteanna sin leis an bhfásach sin i lár na tíre ó thaobh na Gaelscolaíochta de. Tá roinnt Gaelscoileanna ach, i roinnt contaetha, níl ach ceann amháin ann agus níl faic ó thaobh Gaelcholáistí. Cén fáth go bhfuil ar thuismitheoirí, múinteoirí agus daltaí scoile a bheith os comhair Thithe an Oireachtais? Measaim go mbeidh dream ó Chluain Dolcáin os ár gcomhair ag lorg foirgnimh nua amárach. Tá feachtais dhifriúla tar éis teacht chugainn. Nílim ag caint thar ceann mo pháirtí ach is é tuairim an choiste é gur cóir go mbeadh soláthar níos fearr de Ghaelcholáistí ann. Caithfidh muidne agus an tAire díriú isteach ar choláistí agus ar na hollscoileanna ionas gur féidir linn déileáil leis an bhfadhb.

Tá ceist agam do TG4 sula sroichim é sin. Cé mhéad airgid atá TG4 ag fáil ón Roinn Oideachais as an ábhar oideachais atá á chothú aige? B'fhéidir nach bhfuil freagra air sin ag na finnéithe. Tiocfaidh mé ar ais chucu. Cé mhéad de na hintéirnigh a threoraigh múinteoir nó treoraí gairme i dtreo post sa Ghaeilge iad? An dtarlaíonn é sin in aon chor? Nuair a bhí muid ag déileáil leis An Garda Síochána, dúradh nach gcuireann daoine isteach ar phoist leis. D'fhiafraigh muid de an dtéann sé isteach sna scoileanna agus d'inis na finnéithe linn go dtéann. D'fhiafraigh muid an dtéitear isteach i scoileanna Gaeilge ag rá go bhfuil poist le Gaeilge sa Gharda Síochána ach ní dhéantar amhlaidh. Níl a fhios agam cé a théann isteach sna scoileanna agus cé a théann i dteagmháil leis na treoraithe gairme ag rá go bhfuil poist le Gaeilge ann ná go mbeidh chun déileáil leis an gceist a ardaíodh faoin tslí ina mbíonn tuismitheoirí uaireanta buartha nach mbeidh post ann dá mac ná dá n-iníon. Muna bhfuil na múinteoirí nó treoraithe gairme agus na heagrais ag craobhscaoileadh go bhfuil na poist ann, beidh tuismitheoirí den tuairim sin go dtí go bhfeiceann siad athrú éigin amach anseo.

Chuir mé dhá cheist: an ceann faoi threoraithe gairme agus an ceann faoin airgead a thagann ón Roinn Oideachais. An bhfuil éinne ag iarraidh ceann acu a fhreagairt?

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.