Oireachtas Joint and Select Committees
Wednesday, 17 April 2024
Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community
Taithí Oibre agus Intéirneachtaí do Chéimithe Tríú Leibhéal i TG4 - Féidearthachtaí agus Deiseanna: TG4
Ms Laura N? Aoidhne:
Gabhaim buíochas leis an choiste uilig as ucht an deis a bheith ag labhairt leis inniu. Is comhordaitheoir ar na meáin shóisialta le Molscéal, TG4, mé. Is ardán meán sóisialta é Molscéal a thugann ardán do phobail Ghaeltachta na hÉireann. Caithfidh mé a rá gur pribhléid é a bheith ag obair air sin. Leis an obair atá ar bun agam i bpobal na Gaeltachta, buailim achan lá le daoine atá sáinnithe sa ghéarchéim tithíochta sa Ghaeltacht. Ní féidir a shéanadh go bhfuil an ghéarchéim tithíochta go forleathan fud fad na tíre ach nuair atá forbairt na teanga á plé againn, caithfear aird faoi leith a thabhairt don Ghaeltacht.
Tá todhchaí an phobail ag brath ar dhaoine óga a bheith in ann maireachtáil ina gceantair féin. Séantar cead pleanála ar dhaoine ar an ábhar, dar leis na comhairlí áitiúla, nach bhfuil riachtanais áitiúla acu. Tagann sé seo salach ar pholasaí an Rialtais ó thaobh na pleanála teanga de, mar a léirítear in Acht na Gaeltachta, 2012. Anuas air sin, chuala an coiste ón eagraíocht ó Chonamara darb ainm BÁNÚ, a labhair faoin lóistín atá ar fáil go gearrthéarmach i gcomparáid leis an lóistín atá ar fáil go fadtéarmach. Is cuimhin liom ag tús na bliana seo, agus muid ag tosú amach san intéirneacht seo ag lorg lóistín, ní raibh áit ar bith le haimsiú. Rinneadh staidéar ar dheich n-áit i gceantair Ghaeltachta sa tír agus bhí os cionn 600 áit ar fáil go gearrthéarmach ar Airbnb i gcomparáid le sé áit ar fáil go fadtéarmach. Is é sin 100 uair níos mó. De bhun ailt 29 agus 31 den Acht pleanála, tá srianta de dhíth ar eastáit tithíochta agus ar thithe saoire. Muna bhfuil daoine óga na Gaeltachta in ann clann a thógáil sa Ghaeltacht, cad é atá don Ghaeilge?
Luaigh mé an eagraíocht BÁNÚ agus is iad na bríonna leis sin ná depopulation, devastation, desolate agus unoccupied. Tá achan rud atá luaite agam inniu leagtha amach go cuimsitheach ar shuíomh Chonradh na Gaeilge agus impím ar bhaill an choiste é a léamh chun níos mó eolais a fháil ar an fhadhb phráinneach atá linn agus conas go dtig linn é a réiteach. Go dóchasach, ciallaíonn bánú an lae “dawn of the day” agus fágfaidh mé é ansin leis an dóchas go dtiocfaidh réiteach ar an chás.
No comments