Oireachtas Joint and Select Committees
Wednesday, 17 April 2024
Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community
Taithí Oibre agus Intéirneachtaí do Chéimithe Tríú Leibhéal i TG4 - Féidearthachtaí agus Deiseanna: TG4
Ms R?t N? Theimhne?in:
Dia daoibh agus buenas tardes, is comhordaitheoir na meán sóisialta de chuid TG4 mé. Sular thosaigh mé le TG4, d’oibrigh mé mar theagascóir Gaeilge agus Spáinnise in ollscoileanna éagsúla, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath, Ollscoil Mhá Nuad agus Ollscoil Ottawa i gCeanada ina measc.
Is as Cnoc Tlachta mé, taobh le Gaeltacht Ráth Chairn i gContae na Mí. Ní ansin a thosaigh ár scéalsa, áfach. Is Baile Átha Cliathach é m’athair agus is as Asunción, Paragua i Meiriceá Theas í mo mháthair. D’fhás mise aníos i dteach ilteangach agus ilchultúrtha. Labhraím féin agus mo dheartháireacha meascán idir Gaeilge, Béarla, Spáinnis agus Guaráinis sa teach. Iompaíonn mo thuismitheoirí idir Spáinnis agus Gaeilge agus iad i gcomhrá linn. Is é sin an gnáthrud dúinne. Agus mé óg ar scoil idir 2002 agus 2009, ní raibh aon duine eile i mo rangsa a labhair teanga eachtrannach sa mbaile. Sa lá atá inniu ann, tuigeann muid nach é seo an cás. In Éirinn, labhraítear níos mó ná 120 teanga. Cloiseann muid éagsúlacht teangacha anois ag geataí na scoile, ar an gcóras iompair phoiblí agus ar fud fad na tíre.
Is gnáthrud é níos mó ná teanga amháin a bheith ar do thoil agat. Tá 42% den domhan dátheangach. Níor chóir go gcuirfeadh sé ionadh orainn nuair a deir duine go labhraíonn siad níos mó ná teanga amháin. Ba chóir go mbeadh ionadh orainn nuair a deir duine nach bhfuil ach teanga amháin acu. Is fiú tábhacht agus béim a leagan ar theangacha sa tír seo. Is teanga oifigiúil na tíre seo í an Ghaeilge agus ní féidir í a fhágáil ar leataobh.
Táim cinnte go bhfuil ar a laghad cuntas amháin meán sóisialta ag gach duine sa seomra seo. Ar amlínte na meán sóisialta, cloistear Fraincis, Gearmáinis, Seapáinis agus Portaingéilis. Is cuma linn cé atá ag caint, más féidir linn éalú ón ngnáthshaol ar feadh 30 soicind agus gáire nó caoineadh a dhéanamh le strainséir éigin ar TikTok, déanfaidh muid é. Le cabhair ó fhotheidil, is féidir linn ábhar ó aon chultúr, aon teanga agus ó aon choirnéal den domhan a fhí isteach inár saol laethúil. Caithfear an Ghaeilge a chur sa spás seo freisin agus í a chur ar an leibhéal céanna le teangacha eile na hEorpa agus an domhain. Tá an chumhacht againne ar fad sa seomra seo an íomhá i leith na Gaeilge a athrú agus a fhorbairt. Mar sin, is fiú dúinn leanúint ar aghaidh ag cur na siamsaíochta seo ar fáil i nGaeilge, go forleathan, go bródúil agus go práinneach. Tá sé mar dhualgas orainn atá ag obair sna meáin, i gcomhpháirt leis an Stát, na seirbhísí seo a chur ar fáil ní hamháin do dhaoine anois ach don chéad ghlúin eile freisin. Gabhaim buíochas leis an gcoiste. Muchas gracias. Aguyje.
No comments