Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 17 April 2024

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Taithí Oibre agus Intéirneachtaí do Chéimithe Tríú Leibhéal i TG4 - Féidearthachtaí agus Deiseanna: TG4

Mr. Ois?n ? Conaill:

Is as Baile Átha an Rí in Eachréidh na Gaillimhe mé. D'fhreastail mé ar Ghaelscoil Dara agus ar Choláiste an Eachréidh, áit ar fhoghlaim mé mo chuid Gaeilge ar fad. Táim anois ag obair le TG4 mar chomhordaitheoir ar na meáin shóisialta do Spórt TG4. Is meascán iontach é an post seo de dhá rud atá mé an-phaiseanta faoi, an spórt agus an Ghaeilge.

I TG4, is é an spórt ceann de na hábhair is luachmhaire dúinn ó thaobh lucht féachana de. Bíonn breis is 100,000 duine ag breathnú ar chláir ar leith, ar nós "GAA Beo". Cé go mbíonn na figiúirí iontacha seo againn, is annamh a chloistear Gaeilge ó na himreoirí ná ó na bainisteoirí sna hagallaimh tar éis na gcluichí. I mo cheantar féin, tá an Cumann Lúthchleas Gael iontach láidir, cosúil le go leor ceantair fud fad na tíre. Ach é sin ráite, ní fhaigheann an Ghaeilge an méid céanna suime cé gur dhá rud iad atá fite fuaite lena chéile i gcultúr na hÉireann. Gan an teanga, tá seans maith nach mbeadh an Cumann Lúthchleas Gael againn ar chor ar bith. Smaoinigh ar na focail Ghaeilge a thugann brí do na cluichí: sliotar, camán agus caid. Tá stair an Chumann Lúthchleas Gael neadaithe sa Ghaeilge. Is spóirt iad a d’imir laochra Éireannacha leithéidí Cú Chulainn agus na Fianna. Anois, ní fheictear an Ghaeilge ach ar chúl na ngeansaithe nó b’fhéidir go gcloisfidh tú abairt nó dhó ó chaptaen éigin nuair atá sé ag glacadh an choirn. Ní dóigh liom go bhfuil sé sin sásúil.

Ag deireadh an lae is Éireannaigh ar fad muid agus, go dtí an lá atá inniu ann, is í an Ghaeilge a thugann brí dúinn ó thaobh ár sloinnte, ár n-oidhreacht, ár logainmneacha agus ár spóirt. Is iontach an rud é go bhfuil na cluichí Gaelacha ag dul ó neart go neart bliain i ndiaidh bliana ach ní cóir go mbeadh páirt amháin dár gcultúr chomh rathúil sin nuair atá an pháirt is tábhachtaí ag streachailt. Is é an spórt ceann de na rudaí is tábhachtaí i saol an duine óig inniu. Mar gheall air seo, ba chóir dúinn níos mó a dhéanamh chun an nasc idir an spórt agus ár dteanga dhúchais a léiriú.

Déarfainn gur chuala chuile dhuine anseo duine ag rá cheana nach raibh suim acu i nGaeilge mar thoradh ar an tslí ar múineadh í ar scoil. Sa chás sin, cén fáth nach múinfidh muid an Ghaeilge inár gcleachtaí spóirt? Is bealach úr, spraoiúil é chun an teanga a fhoghlaim. Feictear clubanna ar nós Gaeil na Gaillimhe i gCathair na Gaillimhe, agus Na Gaeil Óga, a úsáideann an Ghaeilge mar an príomhbhealach cumarsáide. Tá neart suime ag daoine sa taobh spórtúil den chultúr agus is é an dualgas atá orainn ná an tsuim sin a chothú chun go dtiocfaidh borradh ar an ngné is tábhachtaí den chultúr, is é sin, ár dteanga.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.