Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 17 April 2024

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Taithí Oibre agus Intéirneachtaí do Chéimithe Tríú Leibhéal i TG4 - Féidearthachtaí agus Deiseanna: TG4

Ms Caitr?ona Nic an tSaoir:

Gabhaim buíochas as an deis labhairt leis an gcoiste inniu. Is riarthóir cumarsáide agus láithreoir aimsire mé le TG4. Is as Contae Aontroma dom agus, de bharr chomhthéacs na Sé Chontae, ní bhíonn ranganna Gaeilge againn ar an bhunscoil. Bhí cuid mhaith Gaeilge agam ó mo thuismitheoirí, áfach, sular thosaigh mé á foghlaim mar ábhar i meánscoil Bhéarla. Is é an rud is mó a spreag mé féin agus na céadta eile ó Thuaidh le titim i ngrá leis an Ghaeilge ná na cuairteanna a thug muid ar chúrsaí samhraidh i nGaeltacht Thír Chonaill agus leithéidí Choláiste Gael Linn i Machaire Rabhartaigh. Is cúis imní bheith ag léamh le tamall faoi na deacrachtaí atá ann mná tí a fhostú do na coláistí Gaeilge. Ba mhór an tubaiste don ghlúin óg é dá dtiocfadh meath ar na cúrsaí Gaeltachta. Go raibh fada uainn an lá sin.

Tá réimse de scileanna nua a bhaineann le saol na hoibre sa lá atá inniu ann fíorthábhachtach i gcur chun cinn na Gaeilge. Tá ganntanas cúrsaí trí Ghaeilge ann ina gcuirtear béim ar mhargaíocht, an saol digiteach, bainistiú tionscadal agus araile san am i láthair. Is sampla maith de chúrsa mar sin ná an mháistreacht sa bhainistíocht agus gnó digiteach tríd an Ghaeilge in DCU, a rinne mé féin le déanaí. Tá líon mór scoláirí ag teacht tríd na Gaelscoileanna agus b’fhéidir go bhfuil na cúrsaí atá ar fáil ag an tríú leibhéal ródhírithe ar na hábhair acadúla, aistriúcháin agus oideachais faoi láthair.

Beatha teanga í a labhairt, ar ndóigh, agus sa chomhthéacs sin ba mhaith liom sampla Charn Tóchair i gContae Dhoire a lua. Tá a fhios agam go bhfuil an-mheas ag an chomhchoiste ar an mhúnla forbartha Gaeilge ansin. Creidim gurb é an ghné is suntasaí den mhúnla ná an oiread deiseanna praiticiúla a thugann sé do Ghaeilgeoirí idir óg agus aosta teacht le chéile agus Gaeilge a labhairt go nádúrtha ar an iliomad cúiseanna. B’iontach na ceachtanna ón mhúnla sin a fhoghlaim ar bhonn níos leithne.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.