Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 17 April 2024

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Taithí Oibre agus Intéirneachtaí do Chéimithe Tríú Leibhéal i TG4 - Féidearthachtaí agus Deiseanna: TG4

Ms Saoirse Nic Aog?in:

Bail ó Dhia ar na baill ar fad. Is as Gaeltacht Ráth Chairn i gContae na Mí dom. Bíonn mise ag obair le BLOC TG4, fobhranda de chuid TG4 atá bunaithe ar líne agus dírithe ar dhaoine óga, rud atá bainteach leis an ábhar a theastaíonn uaim a chur faoi bhráid an chomhchoiste inniu, is é sin, tábhacht na meán don déimeagrafach idir 18 agus 30 bliain d’aois.

Ag an aois seo, tá daoine óga ag imeacht ón gcóras oideachais isteach go dtí an coláiste nó poist éagsúla. Agus iad ar scoil, tá oideachas éigin trí Ghaeilge ar bun acu ach, mura ndéanann duine an cinneadh leanúint ar aghaidh leis an teanga san ollscoil, cailltear an teanga faraor. Anuas air sin, is é seo an aois ina bhfuil daoine óga ag cruthú a gcaidreamh féin leis an gcultúr agus an teanga agus iad imithe anois ón scoil. Mura bhfuil fáil fhairsing acu ar mheáin Ghaeilge, ní féidir leo leanúint ar aghaidh leis seo. Tá sé an-deacair rud nach bhfuil ann a chothú.

Cabhraíonn na meáin leis an tumadh agus leis an gcleachtadh teanga. Is é sin an tábhacht atá le BLOC TG4. Cuireann muid ábhar ar fáil don déimeagrafach seo, rud nach bhfuil ar fáil dóibh in áiteanna eile faoi láthair. Ba chóir go mbeadh tuilleadh meán ar fáil do dhaoine óga atá feiliúnach don chaoi ina n-úsáideann siad na meáin. Níl daoine óga ag breathnú ar an teilifís ar an mbealach traidisiúnta mar a bhíodh. Tá siad uilig ag breathnú air ar líne. Tá ardú tagtha ar sciar Sheinnteoir TG4 le cúpla bliain anuas de bharr daoine óga a bheith ag breathnú air ar líne tríd a bhfóin nó tríd a ríomhairí glúine.

Is léir go bhfuil éileamh ann do mheáin Ghaeilge do dhaoine óga. Má bhreathnaítear ar an ngrúpa seo mar shampla, is mise an t-aon intéirneach arbh as an Ghaeltacht di. Tá chuile dhuine eile anseo tar éis freastal ar oideachas trí Bhéarla agus tá siad tar éis obair na gcapall a chur isteach chun seasamh os comhair an chomhchoiste inniu. Samhlaigh dá mbeadh fáil acu ar mheáin Ghaeilge. Samhlaigh dá mbeadh sé normálta dul ar líne agus ábhar a fháil trí Ghaeilge. Tá éileamh ann dó seo, leithéidí "An Cailín Ciúin" agus scannán Kneecap mar shampla.

Ba chóir go mbeadh meáin Ghaeilge ann do dhaoine idir 18 agus 30 bliain d’aois chun an teanga agus an cultúr a chothú. Is muidne an chéad ghlúin eile ach is faoi na baill é atá sé an difríocht seo a chruthú.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.