Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 17 April 2024

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Taithí Oibre agus Intéirneachtaí do Chéimithe Tríú Leibhéal i TG4 - Féidearthachtaí agus Deiseanna: TG4

Ms Chloe N? Ghr?ofa:

Gabhaim buíochas leis an gCathaoirleach, na Teachtaí agus na Seanadóirí as cuireadh a thabhairt dúinn teacht os comhair an chomhchoiste inniu. Táim fíorbhuíoch as an deis iontach seo.

Is as deisceart Thiobraid Árann dom. Agus mé ag fás aníos, ní raibh mórán Gaeilge timpeall orm i mo cheantar. D’fhreastail mé ar Scoil Náisiúnta Chluainín, bunscoil lán-Bhéarla, agus is dócha gur shin an áit ar spreagadh an grá atá agam don teanga i dtosach toisc go raibh béim curtha ar an teanga ann. D’fhreastail mé ar Scoil Ruáin, meánscoil lán-Bhéarla i gCill Náile, chomh maith agus bhí an t-ádh liom go raibh an deis agam freastal ar choláistí samhraidh sa Ghaeltacht i Ros Muc agus Ráth Chairn le linn an tsamhraidh mar dhalta agus mar chinnire, áit inar chuir mé spéis mhór sa Ghaeilge agus inar bheartaigh mé céim a bhaint amach sa Ghaeilge ina dhiaidh.

Díreoidh mé isteach ar an tábhacht agus na féidearthachtaí atá ann leis an teicneolaíocht agus an Ghaeilge. Tá an teicneolaíocht ag fás agus ag forbairt timpeall orainn lá i ndiaidh lae agus tá sé ríthábhachtach go bhfuil an teanga ag bogadh leis. Tá dul chun cinn suntasach déanta ag an ionad Adapt in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath agus an tsaotharlann foghraíochta agus urlabhra i gColáiste na Tríonóide mar gheall ar an bplean digiteach don Ghaeilge. Ina measc sin, tá an sintéiseoir cainte, ABAIR, a chuireann ar chumas an phobail aon téacs digiteach a léamh amach os ard ina rogha canúna, agus an tionscadal eSTÓR, a chuireann ar chumas daoine atá ag obair sa riarachán poiblí ar fud na hÉireann sonraí teanga a bhailiú agus a roinnt trí ardán tiomnaithe ar líne.

Tá an tús seo iontach agus tá sé ríthábhachtach an teicneolaíocht a chomhtháthú le teangacha, lena n-áirítear mionteangacha ar nós na Gaeilge, chun a gcaomhnú, a n-inrochtaineacht agus a n-oiriúnú don aois dhigiteach a chinntiú. Gan infheistíocht sheasmhach a dhéanamh sa teicneolaíocht, tá an teanga i mbaol. Is éard atá i gceist le hinfheistíocht sa teicneolaíocht ná meaisínaistriúchán agus intleacht shaorga le go mbeidh an Ghaeilge ar chomhchéim le teangacha eile san Eoraip, mar ba cheart.

Mar fhocal scoir, trí leas a bhaint as cumhacht na teicneolaíochta, ní hamháin gur féidir linn caomhnú agus cur chun cinn na Gaeilge a chinntiú, ach is féidir linn freisin éabhlóid agus ábharthacht na Gaeilge a chothú san aois dhigiteach.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.