Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 17 April 2024

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Taithí Oibre agus Intéirneachtaí do Chéimithe Tríú Leibhéal i TG4 - Féidearthachtaí agus Deiseanna: TG4

Mr. C??n de B?rca:

Beidh mé ag labhairt leis an nGaeltacht mar chroílár na teanga. Rugadh agus tógadh mé i lár na cathrach anseo i mBaile Átha Cliath. D’fhreastail mé ar Ghaelscoil agus ar mheánscoil Choláiste Mhuire trasna na Life. D’oibrigh mé i dteach tábhairne lán-Ghaeilge suas an bhóthair uainn agus chaith mé ceithre bliana ag déanamh staidéir ar an nGaeilge i gColáiste na Tríonóide béal dorais. Mar sin, tá tuiscint mhaith agam ar an gcuma atá ar phobal na Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht. Is as an tuiscint sin a eascraíonn mo mheas ar thábhacht na Gaeltachta féin, áit a bhfuil mé ag obair faoi láthair. Níl pobal Gaeilge na galltachta mar ionadaí ar an nGaeltacht ar chor ar bith. Cailliúint as cuimse a bheadh i mbás na Gaeltachta. Chuile lá, ceannaím lón i dTigh Durcan, an siopa áitiúil i mBaile na hAbhann. I nGaeilge a labhraím leis na siopadóirí, is Gaeilge bhreá dhúchais a chloisim i mo thimpeall agus is i nGaeilge a chloisim máithreacha ag labhairt lena bpáistí. Cá bhfaighfeá a leithéid sin taobh amuigh den Ghaeltacht? Anuas ar an méid sin, ní hionann caighdeán na Gaeilge a mhúintear ar scoil agus caighdeán, blas agus saibhreas álainn aoibhinn na Gaeilge dúchais, teanga an chliabháin sa nGaeltacht, an t-aon áit amháin sa tír ina maireann sí mar ghnáth-theanga laethúil an phobail. Tá an dualgas ar an Stát na Gaeltachtaí a chaomhnú. Is iadsan an taisce is luachmhara dá bhfuil fágtha dár gcultúr dúchais uathúil féin.

Tá teipthe amach agus amach ar rialtas i ndiaidh rialtais an dualgas seo a chomhlíonadh. Bliain i ndiaidh bliana, laghdaíonn méid na nGaeltachtaí, íslíonn líon na gcainteoirí laethúla, casann pobail ar an mBéarla agus faigheann pobail bás. D’imigh Gaeltacht an Chláir agus Gaeltacht Luimnigh ar shlí na fírinne 60 bliain ó shin. Fuair Gaeltacht an Eachréidh bás blianta beaga ó shin. Agus mé ag labhairt leis an gcoiste inniu, tá Gaeltacht Mhaigh Eo in arraingeacha a báis féin.

Thar aon ní eile, feictear domsa gurb í an easpa deiseanna sna Gaeltachtaí don aos óg údar an mheatha seo. Tá na Gaeltachtaí i measc na gceantar is boichte sa tír. Chuile bhliain, fágann daoine óga, cuisle agus croí an phobail, slán leis an nGaeltacht. Imíonn siad leo sa tóir ar phoist, ar thithíocht agus ar shaol sásúil dóibh féin, todhchaí i ngalltacht na hÉireann nó thar lear. Le gach aon duine óg a léimeann ar bhus, ar bhád nó ar eitleán, éiríonn an Ghaeltacht níos lú agus níos lú arís.

Tá sé mar chúram, mar dhualgas agus mar fhreagracht bhunúsach ar an Rialtas agus ar na baill stop a chur le meath na Gaeltachta agus an Ghaeltacht a shlánú, a chaomhnú, a bhuanú agus a neartú, is é seo le rá, an scéal seo a iompú droim ar ais sula mbeidh sé ródhéanach. Creidim gur féidir é seo a dhéanamh, má ghníomhaíonn muid le dúthracht, le huaillmhian agus le dóchas láithreach bonn. Impím ar na baill an méid sin a thabhairt leo; mura n-éiríonn linn, beidh seoid nach féidir luach a chur uirthi imithe uainn go deo na ndeor.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.