Oireachtas Joint and Select Committees
Wednesday, 17 April 2024
Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community
Taithí Oibre agus Intéirneachtaí do Chéimithe Tríú Leibhéal i TG4 - Féidearthachtaí agus Deiseanna: TG4
Ms Laura Pakenham:
Gabhaim buíochas leis an gcoiste as ucht an deis a bheith ag caint leis inniu. Táim ag obair mar chomhordaitheoir ar ábhair oideachais le TG4 Foghlaim, ardán foghlama TG4 ar líne agus ar na meáin shóisialta. Is é an t-ábhar a bheidh á phlé leis na baill agam inniu ná na meáin shóisialta mar uirlis chun an Ghaeilge a chur chun cinn lasmuigh de phobal labhartha na Gaeilge. Is as Contae an Longfoirt mé agus rinne mé mo scolaíocht uilig trí Bhéarla go dtí gur bheartaigh mé céim trí Ghaeilge a bhaint amach. Níorbh éasca an tasc a bhí ann ach d’éirigh liom agus bhain mé baitsiléir san oideachas trí mheán na Gaeilge ó Institiúid Oideachais Marino amach anuraidh. Ba é an plean a bhí agam ag an am ná an Ghaeilge a chur chun cinn laistigh den seomra ranga ach bhí mé meallta i dtreo eile, chun an Ghaeilge a chur chun cinn dóibh siúd lasmuigh de phobal labhartha na Gaeilge go hilmheánach.
Nuair a bhí mé féin ag fás aníos, bhí ról amháin ag an nGaeilge i mo shaol. B'shin mar ábhar scoile. Ní bhreathnaíonn dóibh siúd nach bhfuil sáite sa teanga ar bhealach amháin nó ar bhealach eile - ar scoil, sa bhaile nó sa phobal - ar an nGaeilge mar theanga laethúil. Dar le figiúirí a tháinig amach ó Tusla le déanaí, caitheann daoine óga in Éirinn dhá uair an chloig go ceithre uair a chloig in aghaidh an lae ar na meáin shóisialta. Breathnaím air sin mar ceithre uair an chloig in aghaidh an lae chun an Ghaeilge a chur chun cinn i gcomparáid le rang Gaeilge amháin ar scoil in aghaidh an lae. Muna bhfuil an Ghaeilge le brath, le feiceáil nó cloisteáil agus í á úsáid go nádúrtha mar theanga chumarsáide, smaoineofar uirthi mar ábhar scoile amháin. Feiceann agus cloiseann daoine mé féin agus cruthaitheoirí eile ag úsáid na Gaeilge go laethúil ar na meáin shóisialta. Sa chaoi sin, cuirfear i gcuimhne do dhaoine lasmuigh de phobal labhartha na Gaeilge go bhfuil sí beo agus go bhfuil sí in úsáid, ní hamháin sa seomra ranga. Mar sin, is spás luachmhar é na meáin shóisialta chun an Ghaeilge a chur chun cinn agus chun dearcadh dearfach fúithi a chothú i measc an phobail.
No comments