Oireachtas Joint and Select Committees

Thursday, 8 February 2024

Select Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Meastacháin le haghaidh Seirbhísí Poiblí 2024
Vóta 33 - Turasóireacht, Cultúr, Ealaíon, Gaeltacht, Spórt agus Meán (Athbhreithnithe)

Photo of Patrick O'DonovanPatrick O'Donovan (Limerick County, Fine Gael) | Oireachtas source

Gabhaim leithscéal le baill an choiste as ucht bheith mall. Bhí mé ag freagairt ceisteanna sa Dáil ar son an OPW.

Tá áthas orm a bheith anseo inniu chun labhairt le coiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge maidir le Meastacháin Athbhreithnithe ar chlár C - an Ghaeltacht. Is €100.6 milliún atá i leithdháileadh 2024 don Ghaeltacht. Is ionann sin agus méadú 9% ar mhaoiniú 2023 agus leagann sé béim ar thiomantas an Rialtais úsáid na teanga a neartú sna ceantair Ghaeltachta, chomh maith lena húsáid laethúil a mhéadú ar fud na hÉireann, agus leanúint le tacaíocht a sholáthar do phobail agus do thionscadail Ghaeilge.

Laistigh den leithdháileadh foriomlán seo, tá maoiniú iomlán de €36.7 milliún d’Údarás na Gaeltachta in 2024, rud a cheadóidh don údarás leanúint ar aghaidh ag tacú lena chliant-chuideachtaí agus le tacaíochtaí pobail agus teanga ag teacht leis an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge. Cuireadh €18.7 milliún ar fáil do chomhoibriú trasteorann a thacóidh le hobair an Fhorais Teanga chun an Ghaeilge a chur chun cinn ar fud an oileáin, agus le hobair Ghníomhaireacht na hUltaise chun teanga agus cultúr na hUltaise a fhorbairt. Tá leithdháileadh méadaithe de €13.2 milliún ar fáil do scéimeanna tacaíochta Gaeilge mo Roinne in 2024; méadú €1.5 milliún ó 2023. Cuimsíonn sé seo infheistíocht chun tacú le forálacha na straitéise do na healaíona teangabhunaithe. Fuair scéimeanna tacaíochta Gaeltachta na Roinne maoiniú breise freisin agus úsáidfear é seo le haghaidh roinnt tionscnaimh a bhrú ar aghaidh. Mar shampla, tá tacaíocht bhreise á chur ar fáil do dhaoine óga ó chúlraí faoi mhíbhuntáiste chun freastal ar chúrsaí coláistí samhraidh Gaeltachta.

Mar bhuille scoir, chuir mé leithdháileadh breise €500,000 ar fáil chun tacú le feidhmiú iomlán Achtanna na dTeangacha Oifigiúla agus tá áthas orm go bhfuarthas maoiniú breise d’earnáil na Gaeltachta agus na Gaeilge i mbliana. Tacóidh sé go mór lenár bhféiniúlacht chultúrtha, agus leis an bpobal a oibríonn chomh dian sin lena chinntiú gur fada buan é. Treisíonn leithdháileadh 2024 tiomantas an Rialtais an ghné lárnach seo d’fhéiniúlacht na hÉireann a chumhdach agus a chosaint, í a fhorbairt do lucht labhartha níos leithne, agus feasacht agus tuiscint ar an nGaeilge, ar na pobail agus ar an saibhreas atá sa teanga a mhéadú.

Mo leithscéal arís ach beidh gá ag na hoifigigh dul go cruinniú eile timpeall a haon a chlog. Gabhaim buíochas le baill an choiste.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.