Oireachtas Joint and Select Committees
Thursday, 8 February 2024
Select Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community
Meastacháin le haghaidh Seirbhísí Poiblí 2024
Vóta 33 - Turasóireacht, Cultúr, Ealaíon, Gaeltacht, Spórt agus Meán (Athbhreithnithe)
Aengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein) | Oireachtas source
Tá triúr Teachta Dála i láthair: mé fhéin, an tAire Stáit, an Teachta Patrick O'Donovan, agus an Teachta Pádraig Ó Súilleabháin. Níl aon leithscéal faighte againn. Táimid chun déileáil leis na Meastacháin Athbhreithnithe le haghaidh seirbhísí poiblí 2024 ar chlár C - An Ghaeltacht - de Vóta 33 na Roinne Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán. Leanfaidh an seisiún seo ar aghaidh go dtí a haon a chlog más gá agus cuirfear ar fionraí é ag an bpointe sin.
Cuirim fáilte roimh an Aire Stáit, Teachta Patrick O'Donovan, a bhfuil cúram na Gaeltachta agus Oifig na nOibreacha Poiblí air, chomh maith le hoifigigh na Roinne Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán: Ard-Rúnaí, Feargal Ó Coigligh; Stiúrthóir na Gaeilge na Roinne, an Dr. Aodhán MacCormaic; rúnaí cúnta, Joe Healy; príomhoifigeach, Eoin Ó Droighneáin; agus oifigeach airgeadais, Breda Moynihan. Déanaim comhghairdeas oifigiúil le Feargal Ó Coigligh ar an ardú céime.
Is comhalta ex officioden roghchoiste é an tAire Stáit agus mar gheall ar sin cuirfear san áireamh é don chóram agus don liosta vótála más gá.
Meabhraím do dhaoine a ngutháin shoghluaiste a mhúchadh toisc go gcuireann siad as don chóras craolacháin. Cuirim ar an taifead go bhfuil an tAire Stáit agus a chuid oifigigh ag freastal ar an gcruinniú ó sheomra coiste 4 taobh istigh de phurláin Thithe an Oireachtais agus go bhfuil an Teachta Pádraig Ó Súilleabháin linn ar líne ar Microsoft Teams.
Cuirfimid tús lenár mbreithniú ar na Meastacháin Athbhreithnithe do sheirbhísí poiblí 2024 ar chlár C - An Ghaeltacht - de Vóta 33 na Roinne Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán anois. Iarraim ar an Aire Stáit anois a ráiteas tosaigh a chur faoi bhráid an roghchoiste.
No comments