Oireachtas Joint and Select Committees

Thursday, 8 February 2024

Select Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Meastacháin le haghaidh Seirbhísí Poiblí 2024
Vóta 33 - Turasóireacht, Cultúr, Ealaíon, Gaeltacht, Spórt agus Meán (Athbhreithnithe)

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein) | Oireachtas source

Níl fadhb ar bith le sin. Níl ach mise anseo chun ceisteanna a chur, de réir cosúlachta, mura dtagann baill eile isteach. Rinneamar iarracht cinnte a dhéanamh de go raibh an deis ag an Aire Stáit teacht os comhair an choiste toisc gur gá dúinn déileáil leis seo chomh tapaigh agus is féidir. Bhí seisiún againn díreach roimh an Nollaig faoi na Meastacháin Athbhreithnithe agus ardaíodh roinnt de na ceisteanna faoi na Meastacháin i mbliana ag an staid sin mar sin níor chóir go mbeadh aon mhoill orainn.

Tá roinnt ceisteanna agam dár ndóigh. I slí amháin, ní bhaineann an chéad ceann leis an Aire Stáit mar déanann sé dáileadh ar an airgead a fhaigheann sé. Baineann an cheist níos mó leis an Aire sinsearach. Is léir ó na huimhreacha sa nóta a chuireadh ar fáil don choiste cé chomh beag is atá an caiteachas ar an nGaeilge. As an 100% atá ar fáil don Roinn ina iomláine, ní fhaigheann an Ghaeilge ach 8% i gcomparáid le 31% do na healaíon. Tuigim nach an tAire Stáit a dhéanann an cinneadh cad ar a mbeidh an t-airgead á chaitheamh.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.