Oireachtas Joint and Select Committees
Wednesday, 7 February 2024
Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community
1:30 pm
Mr. Rónán Ó Domhnaill:
B'fhéidir go labhróidh mé faoin dara cheist ar dtús. Maidir leis an gcéad cheist, tá roinnt eolais bailithe faoin mbealach a úsáideann an aos óg na meáin. B'fhéidir go n-iarrfaidh mé ar Clare Diamond labhairt faoi sin, agus Sinéad Crowley freisin má tá aon rud le rá aici ar an obair atá ar siúl aici sa chomhthéacs seo.
Sula dhírím ar an gceist faoi cúrsaí fógraíochta, foghraíocht agus mar sin de, ba mhaith liom rud amháin a lua a tháinig chun cinn ó thaobh na meáin áitiúil, go mór mhór na nuachtáin áitiúla i mBéarla ach go ginearálta freisin. Braitheann siad uaireanta nach dtagann go leor den fhógraíocht Stáit ar bhonn náisiúnta ina dtreo, mar is leis na meáin náisiúnta a dhéantar é. Sílim gur cheist í sin atá le plé agus le réiteach freisin.
Ó thaobh caighdeán na Gaeilge i gcúrsaí fógraíochta, is cuid den leasú ar an Acht teanga a bhí ansin. Ós rud é gur reachtaíocht teanga atá ansin, seachas reachtaíocht craolacháin, tá an dualgas ar Oifig an Choimisnéara Teanga, is dócha, monatóireacht a dhéanamh air. Ní theastaíonn uaim dul isteach san obair sin ar aon bhealach. Is cuid den reachtaíocht teanga atá ann.
Mar chuid den athbhreithniú, caithfimid breathnú ar sholáthair cláracha Gaeilge ar RTÉ. Mar is eol dúinn, tá Oifig an Choimisnéara Teanga sa réimse sin chomh maith. Tá sé tábhachtach nach mbeadh dhá áisíneacht Stáit ag déanamh an obair céanna ar aon bhealach - nach mbeadh dubláil oibre ar siúl. Ní hé sin atá ag teastáil. Caithimid a bheith tuiscineach ó thaobh sin de. Mar chuid den chaint a bheidh ar siúl timpeall air sin, d'fhéadfaimís ceist na fógraíochta a chur in iúl freisin.
Ó thaobh cén chaoi is féidir linn a chinntiú go bhfuilimid ag déanamh teagmháil leis an aos óg agus ag caint leo ar na meáin cuí, ceist atá an-tábhachtach, tá coiste reachtúil - coiste comhairliúcháin óige - bunaithe ag Coimisiún na Meán. Tá daoine óga ar an gcoiste sin a chuireann comhairle ar an gcoimisiún agus ar an gCoimisinéir Sábháilteachta ar Líne faoi céard ar mhaith leo a fheiceáil sa chód cleachtais. Sílím gur obair í sin a d'fhéadfaí a leathnú amach anseo chun féachaint ar cheisteanna níos leithne ó thaobh na meáin.
No comments