Oireachtas Joint and Select Committees
Wednesday, 5 July 2023
Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community
Soláthar Seirbhís Dhátheangach ó Ranna Rialtais: Plé
Mr. Barry Quinlan:
Tá gach rud ag teastáil uainn. An rud atá ag teastáil ná ár dteanga féin a choimeád beo agus í in úsáid gach lá. Fiú amháin i mo chás féin, cailleann daoine a gcuid Gaeilge muna bhfuil sí in úsáid acu. Tá mise lán sásta níos mó a dhéanamh trí Ghaeilge ag mo leibhéal. Mar a dúirt Bairbre Nic Aongusa, ceapaim féin go mbeadh daoine eile sa Roinn an-sásta freisin. Tuigeann daoine ó thaobh amuigh. Táimid go léir i gcomhphobail éagsúla ar fud na tíre agus tá a fhios againn go bhfuil a lán daltaí ag dul trí scolaíocht dara leibhéil agus fiú amháin an ollscoil agus caighdeán Gaeilge den scoth acu. Tá sé sin ann. Tá daoine leis an teanga acu. Is dúinne é na rudaí sin a chur le chéile agus a chinntiú go bhfuil a fhios acu go bhfuil an obair seo ann dóibh. Tá sé deacair duine a fháil a bhfuil caighdeán ard Gaeilge aige agus caighdeán ard teicneolaíochta freisin ach is féidir na daoine a fháil isteach agus cabhrú leis na daoine ann cheana a gcumas Gaeilge a fhás freisin.
No comments