Oireachtas Joint and Select Committees
Wednesday, 5 July 2023
Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community
Soláthar Seirbhís Dhátheangach ó Ranna Rialtais: Plé
Aengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein) | Oireachtas source
Tá aithne agamsa ar dhaoine atá ar an bpainéal agus nach bhfuil post acu go fóill mar sin tá rud éigin mícheart ansin. Tá Gaeilgeoirí ann a chur isteach ar phoist sa státseirbhís i gcoitinne. Uaireanta ní bhíonn siad ar an bpainéal Gaeilge ach tá a fhios agam go raibh roinnt acu air. B’fhéidir nach raibh siad ar fáil don leibhéil a bhí i gceist chomh maith, mar sin tá an cheist sin ann. Glacaim leis gur cheist bunúsach í seo nach bhfuil go leor Gaeilgeoirí ag teacht chun cinn do na folúntais atá sna Ranna. Nuair a bhí muidne ag plé le Acht na dTeangacha Oifigiúla, thuigeamar an dúshlán mór a bheadh ann. Thuig an tAire nuair a roghnaigh sé an figiúir 20% go mbeadh dúshlán ann. An bhfuil aon mholtaí ag na finnéithe faoi cad is féidir a dhéanamh chun cuidiú leis na Ranna seachas leibhéil Gaeilge na fostaithe atá iontu cheana féin a fheabhsú, mar a luaigh Bairbre Nic Aongusa agus cainteoirí eile. Conas is féidir linn díriú isteach ar na Gaeilgeoirí atá amuigh ansin agus iad a mhealladh chuig an státseirbhís?
No comments