Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 5 July 2023

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Soláthar Seirbhís Dhátheangach ó Ranna Rialtais: Plé

Ms Bairbre Nic Aongusa:

Tá sé seo bainteach leis an státseirbhís i gcoitinne agus daoine óga ar scoil agus ar an ollscoil a mhealladh chun poist a ghlacadh sa státseirbhís. Mar is eol dúinn, níl aon ghéarchéim fostaíochta sa tír seo. Tá leibhéal na dífhostaíochta an-íseal agus mar sin caithfidh an státseirbhís dul i gcomórtas le comhlachtaí eile agus leis an earnáil phríobháideach le daoine a mhealladh isteach sa státseirbhís. Ar an mbonn céanna, caithfimid daoine óga a bhfuil Gaeilge acu a mhealladh isteach agus a chur ina luí orthu gur féidir leo post agus slí bheatha thar a bheith spéisiúil a bheith acu ag baint úsáid as a gcuid Gaeilge agus a gcuid cáilíochtaí eile freisin.

Chuir Jake Ryan i gcuimhne dom gur léiríodh sa daonáireamh le déanaí go raibh Gaeilge réasúnta maith ag daoine ina 30adaí agus na 40adaí. Is féidir linn tógáil air sin agus daoine a mhealladh isteach sa státseirbhís, ní hamháin ag leibhéal scoile nó leibhéal ollscoile ach i lár a saoil oibre chomh maith. Is iad sin an saghas ruda a d’fhéadfaí a dhéanamh ach bheadh air sin tarlú go lárnach.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.