Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 5 July 2023

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Soláthar Seirbhís Dhátheangach ó Ranna Rialtais: Plé

Ms Deirdre N? N?ill:

Sa chéad dul síos, is ceart dom a lua ó thaobh fógraíochta de gur thosaigh an Roinn Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige i mbliana le treoir a thabhairt don cheannaitheoir sna meáin atá againn chun a chinntiú go mbainfear amach an sprioc go mbeadh 20% de gach socrúchán sa bhfeachtas fógraíochta agus 5% de chaiteachas buiséid fógraíochta i nGaeilge i ngach feachtas poiblí i mbliana. Is tús amháin é sin. Tá súil againn go ndéanfaidh sé sin difríocht éigin, sé sin go mbeidh a fhios ag daoine go bhfuil seirbhísí ar fáil nó gur féidir teagmháil a dhéanamh linn trí mheán na Gaeilge.

Ansin, táimid ag tnúth leis na caighdeáin a thiocfaidh amach ón Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, agus tá súil againn go gcabhróidh sé sin linn na scéimeanna is fearr a chur ar bun agus na leasuithe a dhéanamh ar an slí a dhéanfaimid cur chuige faoi láthair agus feabhas a chur air.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.