Oireachtas Joint and Select Committees
Wednesday, 5 July 2023
Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community
Soláthar Seirbhís Dhátheangach ó Ranna Rialtais: Plé
Aengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein) | Oireachtas source
Measaim gur Barry Quinlan a dhein tagairt don téarmaíocht agus luaigh Naoise Grisewood, measaim, na scileanna ar leith. Níl a fhios agam cén teagmháil nó an mbíonn teagmháil ag na finnéithe leis an coiste téarmaíochta atá ag Fiontar in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath agus go bhfuil an seirbhís sin ann ó thaobh foclóireachta agus a leithéid. Ní bhíonn a fhios ag daoine uaireanta go bhfuil coiste foclóireachta ann agus má tá gá le focal nua, gur chóir do dhaoine an cheist a dhíriú sa treo sin ionas go mbeadh an fhoclaíocht céanna á úsáid amach anseo.
D’ardaigh Naoise Grisewood ceist eile agus b’fhéidir go mbeadh sé in ann freagra a thabhairt. Luaigh sé sa chur i láthair go bhfuil ró-éileamh ar an bpainéal dhá-theangach earcaithe go háirithe i réigiún Bhaile Átha Chliath. Níl a fhios agam cad go díreach a bhí i gceist ansin. An é go bhfuil, nó nach bhfuil, na Gaeilgeoirí ar fad i mBaile Átha Cliath?
No comments