Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 5 July 2023

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Soláthar Seirbhís Dhátheangach ó Ranna Rialtais: Plé

Mr. Naoise Grisewood:

Glacaimid leis an ngearán. Tá fógra nua faighte ag an Roinn agus ba chóir go mbeadh an fógra le crochadh chomh luath agus is féidir.

Cad atá á dhéanamh againn chun a bheith níos réamhghníomhaí ó thaobh seirbhísí a chur ar fáil i nGaeilge? Tá oifigeach Gaeilge againn sa Roinn agus bíonn an t-aonad Gaeilge istigh sa Roinn i dteagmháil le rannáin na Roinne le feachtas pleanáilte cumarsáide chun deiseanna a aithint, chun rochtain ar fhaisnéis i nGaeilge a fheabhsú, agus chun nuashonrú a dhéanamh ar shuíomh Idirlín na Roinne le go gcuirfí níos mó eolais ar fáil i nGaeilge. Luaigh mé an feachtas fógraíochta atáimid chun a fhoilsiú níos déanaí i mbliana.

Táimid tiomanta níos mó agus níos mó cumarsáide a dhéanamh leis an bpobal trí Ghaeilge ach tuigimid nach bhfuilimid ansin go fóill.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.