Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 5 July 2023

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Soláthar Seirbhís Dhátheangach ó Ranna Rialtais: Plé

Ms Bairbre Nic Aongusa:

Cinnte, táimid tiomanta méadú a dhéanamh ar an líon foilseachán, meán shóisialta agus preasráiteas a bhíonn againn i nGaeilge. Dá mhéad foilseachán agus cumarsáide Gaeilge a bhíonn againn leis an bpobal, is ea is soiléire a bheidh sé dóibh gur féidir leo plé leis an Roinn s’againne i nGaeilge. Sílim go mbeimid ag breathnú arís anois ar staitisticí a choinneáil ar an líon ceisteanna agus freagraí a fhaighimid agus ar an líon daoine a théann i dteagmháil linn i nGaeilge mar níl an t-eolas sin againne inniu. B'fhéidir go bhféadfaimis breathnú freisin conas a bheith níos soiléire ar an bhfón agus ar na meáin shóisialta go bhféadfaí teagmháil a dhéanamh linn i nGaeilge agus go bhfaighidh daoine freagra i nGaeilge. Mar a dúirt an Cathaoirleach féin, is minic a bhímid in ann freagra a thabhairt i nGaeilge níos tapúla ná mar bheadh freagra á fháil i mBéarla mar go bhfuil na hoifigigh Ghaeilge ar fáil agus ar bís chun an obair a dhéanamh. Leanfaimid ar aghaidh ar an tslí sin.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.