Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 5 July 2023

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Soláthar Seirbhís Dhátheangach ó Ranna Rialtais: Plé

Mr. Barry Quinlan:

Mar a dúirt mé roimhe seo, nuair a bhíonn duine ag déileáil le pobal atá i nGaeltacht, nó rud éigin mar sin, tá sé an-tábhachtach go bhfuil an Roinn in ann a chuid gnó a dhéanamh i nGaeilge.

Ó thaobh na rudaí atá san Acht anois, thabharfaí faoi seo nuair atá an fhógraíocht agus an t-eolas faighte ag an bpobal go bhfuil an Roinn oscailte do sheirbhísí a sholáthar trí Ghaeilge, mar tá aithne agam ar a lán daoine atá in ann a chuid gnó a dhéanamh trí Ghaeilge chomh héasca is atá siad in ann a dhéanamh trí Bhéarla. Déanann siad é trí Bhéarla, áfach, de ghnáth mar go gceapann siad gurb é sin an tslí is éasca chun é a dhéanamh. Más rud é go raibh an t-eolas acu, ámh, go bhfuil muid in ann obair a dhéanamh go dátheangach, bheadh níos mó éilimh ann do na seirbhísí. Tá an dá rud sin i gceist. Tá na dualgais sin san Acht agus tá na Ranna go léir ag tógáil na daoine isteach chun a bheith in ann déileáil trí Ghaeilge agus á chur ar an eolas don phobal go bhfuil na seirbhísí sin ar fáil.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.