Oireachtas Joint and Select Committees
Wednesday, 5 July 2023
Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community
Soláthar Seirbhís Dhátheangach ó Ranna Rialtais: Plé
Aengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein) | Oireachtas source
Go breá. Tá roinnt ceisteanna agam féin. Níl mé ag piocadh ar Naoise Grisewood ach tá mé ag taispeáint anseo grianghraf de chomhartha a bhí ar Leeson Street agus é as Béarla. Ní raibh ann ach fáiltiú sealadach agus tuigim go ndéanann daoine rudaí uaireanta, ach má táthar ag cur comhartha suas, is cuma cá háit nó cé chomh sealadach is atá sé, caithfidh sé a bheith dátheangach. Uaireanta, ní tharlaíonn na rudaí seo agus b'fhéidir gur tógálaí a bhí i gceist nó rud éigin mar sin. Mar sin féin, nuair a aithnítear gur go mbíonn comharthaíocht gach uile Roinn dátheangach, má tá na comharthaí sin dírithe ar an bpobal nó fiú mura bhfuil siad dírithe ar an bpobal ach dírithe ar an bhfoireann in ionad, caithfidh siad a bheith dátheangach mar is é sin an dlí anois ó mhí na Bealtaine.
Bhí an Teachta Ó Murchú ag cur ceiste, agus níor chuir sé an dara huair é, agus d'fhreagair Barry Quinlan é beagáinín, faoin fhadhb atá ann go bhfuil leisce ar an phobal déileáil leis na Ranna i nGaeilge nó gearán a dhéanamh. Is é mo thuairim agus b'fhéidir tuairim daoine eile go raibh moill ann toisc droch-chleachtas thar na blianta, áit nach raibh duine ar fáil chun daoine a fhreagairt i nGaeilge nó go raibh orthu fanacht ar an nguthán le freagra a fháil. Conas is féidir linn, leis an athrú atá tagtha nó atá ag teacht le hoifigigh Ghaeilge nua, cur ina luí ar an bpobal go bhfuil an tseirbhís seo ar fáil agus go bhfaighfí freagra? Go minic, fuair mé freagra níos tapúla as Gaeilge ná as Béarla, creid é nó ná creid, mar go raibh an t-oifigeach Gaeilge ar bís chun freagra a thabhairt. Conas ar féidir linn mar sin dul i gcion ar an bpobal agus a thaispeáint go bhfuil an tacaíocht sin ann dóibh agus gur féidir leis na Ranna, agus ar a laghad na ceithre Roinn anseo, tabhairt faoi seo agus a rá linn go bhfuil siad ag tabhairt faoin fhadhb a bhí ann roimhe seo? Is é sin mo chéad cheist.
No comments