Oireachtas Joint and Select Committees
Wednesday, 5 July 2023
Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community
Soláthar Seirbhís Dhátheangach ó Ranna Rialtais: Plé
Mr. Naoise Grisewood:
Tuigimid go bhfuil tuilleadh oibre le déanamh ag an Roinn. Sonraítear inár scéim teanga go bhfoilseoimid 30% dár gcuid preaseisiúintí go comhuaineach i nGaeilge agus i mBéarla. Nílimid ann go fóill. Ó mhí Eanáir go deireadh mhí Bealtaine, foilsíodh 34 preaseisiúintí ar an iomlán agus bhí 8% comhuaineach i nGaeilge agus i mBéarla. Tá gealltanas tugtha freisin ag an Roinn feachtas fógraíochta cruthaitheach a sholáthar i mbliana chun na buntáistí a bhaineann le hiompar poiblí agus gníomhach a chur chun cinn. I gcomhréir le hAcht na dTeangacha Oifigiúla, cuirfear 5% den bhuiséad sin ar leataobh chun spás a cheannach sna meáin Ghaeilge. Soláthrófar 20% den ábhar uile sa bhfeachtas ilardáin seo i nGaeilge agus táimid tiomanta go ndéanfaimid é sin.
Tabharfaidh mé cúpla sampla dár fógraíocht i nGaeilge freisin. In 2023, d'fhógair muid sé phost a bhí an-tábhachtach ó thaobh cúrsaí muirí agus Garda Cósta na hÉireann. Bhí fógraí faoi athrú ó ghnáthpheitreal chuig E10 ann freisin. Ina theannta sin, bhí feachtas Garda Cósta na hÉireann, Bí ullamh don Samhradh, mar aon le feachtas do scéimeanna feithiclí leictreacha. Tuigimid go bhfuil níos mó le déanamh againn.
No comments