Oireachtas Joint and Select Committees
Wednesday, 5 July 2023
Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community
Soláthar Seirbhís Dhátheangach ó Ranna Rialtais: Plé
Ms Deirdre N? N?ill:
Admhaímid go bhfuil breis oibre le déanamh fós againn ó thaobh na Roinne de. Gabhaim buíochas as an aiseolas sin agus cuirfimid ar aghaidh é.
I mbliana go dtí seo, tá beagnach leath dár gcuid preasráiteas le fáil as Gaeilge. Tá formhór na dtuairiscí suntasacha agus a leithéid a fhoilsíonn an Roinn foilsithe i nGaeilge agus i mBéarla. Níl gach rud ach táimid ag obair air sin. D'fhéadfaí nach n-aistríonn an Roinn preasráiteas atá le foilsiú i nGaeilge sa chás gur ar phobail ar leith atá sé dírithe, daoine nach mbeadh aon úsáid phraiticiúil acu as aistriúchán, mar shampla, sa chás nach bhfuil Béarla nó Gaeilge acu mar a gcéad teanga, nó sa chás gur i réimse ilghnéitheach na bpáirtithe leasmhara a bhaineann sé. Tugtar tús áite do phreasráitis a chur amach go tapa sa chás sin.
Cé gur i mBéarla a fhoilsítear formhór de theachtaireachtaí na Roinne ar na meáin shóisialta, níl aon staitisticí againn do sin.
Dírímid ár lucht léitheoireachta chuig suíomhanna Idirlín, áit a bheadh, de ghnáth, faisnéis ghaolmhar le fáil i nGaeilge chomh maith, sa chás go bhfuil sé praiticiúil é sin a dhéanamh. Ní dóigh liom go bhfuil aon rud eile le rá agam.
No comments