Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 5 July 2023

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Soláthar Seirbhís Dhátheangach ó Ranna Rialtais: Plé

Mr. Barry Quinlan:

Gabhaim buíochas leis an Teachta as an feedback sin. Tabharfaidh mé é sin don fhoireann agus déanfaidh siad an-obair air sin. Ó thaobh na n-ardán meáin shóisialta, tá iarrachtaí ar bun ag an Roinn chun an méid ionchur Gaeilge a mhéadú ar fud na n-ardán meáin shóisialta. Tugtar tacaíocht shóisialta dhátheangach do gach preaseisiúint anois. Do ghach press release a théann amach, bíonn an tacaíocht dhátheangach.

Mar is ionann leis na Ranna eile ní fhreagraímid na tuíteanna, chomh fada agus is eol dom.

Ó thaobh na fógraíochta a dhéantar freisin, os rud é go gcaithfimid 20% a dhéanamh de réir an Achta, d'fhostaigh an Roinn MeasMedia, ar gníomhaireacht margaíochta Gaeilge é, chun cabhrú linn comhlíonadh a dhéanamh ar thuairisciú ar gach fógraíocht i nGaeilge agus fógraíocht a dhéanamh trí Ghaeilge. Nuair a dhéanfaimid é sin, b'fhéidir go mbeidh níos mó éilimh mar go mbeidh a fhios ag daoine go bhfuil siad in ann oibriú trí Ghaeilge linn.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.