Oireachtas Joint and Select Committees
Wednesday, 5 July 2023
Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community
Soláthar Seirbhís Dhátheangach ó Ranna Rialtais: Plé
Seán Kyne (Fine Gael) | Oireachtas source
Gabhaim buíochas as na freagraí sin. Tá ceist amháin eile agam do Naoise Grisewood. Baineann sé le moltaí atá ag Conradh na Gaeilge agus ag polaiteoirí maidir le comharthaí bóthair. Moltar go mbeadh ainmneacha bailte sa font céanna agus ar an méid céanna i nGaeilge agus i mBéarla. An mbíonn aon phlé sa Roinn maidir leis sin? An bhfuil aon mholtaí nó smaointe sa Roinn maidir leis an ábhar sin? Ó thaobh cearta teanga, ceapann daoine go mba cheart go mbeadh na hainmneacha ar an méid céanna agus sa font céanna, go mór mór ar na príomhbhóithre agus na mótarbhealaí, ach i ngach uile áit really.
No comments