Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 5 July 2023

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Soláthar Seirbhís Dhátheangach ó Ranna Rialtais: Plé

Ms Deirdre N? N?ill:

Tá an Roinn tiomanta do chabhrú leis an sprioc earnála poiblí a bhaint amach. Mar a dúramar, is ó phainéil a bhunaigh an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí is mó a earcaítear earcaigh nua chun na Roinne. Lorgóidh an t-aonad acmhainní daonna daoine le Gaeilge sa chás go bhfuil béim á cur air sin ag na rannóga ar leith. Níl figiúirí againn faoi láthair ar an líon oifigeach a lorgaíodh sa bhealach seo ach is féidir iad siúd a chur ar fáil tar éis an chruinnithe seo.

Ní sin an t-aon bhealach amháin ina bhfaighimid daoine le scileanna Gaeilge. Tá béim mhór á cur ar thraenáil sa Roinn. Tá a fhios againn go dtógann sé tamall daoine a thraenáil chun go mbeidís compordach fiú amháin comhrá a dhéanamh as Gaeilge. Is rud an-tábhachtach don Roinn é sin. Tá súil á coimeád againn air sin. Is é sin an méid atá agam faoi láthair.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.